Gluaiseacht Daoine, Earraí agus Seirbhísí

 

Movement of People goods and services

Ráiteas Dúshláin

Conas a thugann BIÉ rochtain agus barr-roghanna iompair agus nascachta do dhaoine, do phobail, do sheirbhísí agus do ghnóthaí, agus é ag cur le forbairt eacnamaíoch ag an am céanna?


Scéim Uasghrádaithe Acomhal Dhún Citil - tionscadal a bhfuil sé mar aidhm leis bonneagar agus nascacht i gCorcaigh a fheabhsú, brú tráchta a laghdú, sábháilteacht a fheabhsú, agus sruth tráchta a chuíchóiriú do chónaitheoirí agus do ghnóthaí an réigiúin.

Ionad Rialaithe Oibríochtaí Mótarbhealaí – monatóireacht fhíor-ama ar an líonra mótarbhealaí, Tollán Bhaile Átha Cliath agus Jack Lynch.

Páirceáil agus Roinn – saoráidí páirceála agus roinnte ar an líonra mótarbhealaí ar mhaithe le sábháilteacht ag acomhail a fheabhsú.

Ag Taisteal i mBróga Ban –staidéar chun teacht ar thuiscint ar riachtanais agus ar iompar taistil ban.

All Aboard: Podchraoladh Inrochtaineachta - Ardán do dhearthóirí, taighdeoirí a bhfuiltear ag tacú leo chun a dtuiscintí ar inrochtaineacht agus iompar poiblí a roinnt, trí thairbhe a bhaint as scéalta agus taithí daoine atá faoi mhíchumas, a mbaill teaghlaigh agus a gcúramóirí.

Dearadh Rotharbhealaí Tuaithe (Ar Leataobh ón Trácht & Glasbhealach) – caighdeán dearaidh do phleanáil, dearadh agus forbairt rotharbhealaí tuaithe ar leataobh ón trácht – lena n-áirítear glasbhealaí náisiúnta agus réigiúnacha.