Ceisteanna Coitianta maidir le Dolaí:
Táimid freagrach as an nGréasán Bóithre Náisiúnta, a bhfuil bóithre príomha agus tánaisteacha - a thosaíonn le M agus N - mar chuid de, lena n-áirítear mótarbhealaí, débhealaí agus bóithre aontreo in Éirinn. Is ionann na bóithre seo agus 5,306km den nach mór 100,000km de bhóithre go náisiúnta. Mar sin féin, bíonn méid nach beag tráchta ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta, beagnach 50% de thrácht uile na mbóithre agus breis is 90% den trácht lastais náisiúnta. Tá sé riachtanach, mar sin, d’fheidhmiú éifeachtúil ár ngeilleagair agus ár sochaí.
Dolaí in Éirinn
Tá dolaí i bhfeidhm in Éirinn ó na 1980idí. Ba phríomhghné de Phlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 an Rialtais é feabhas a chur ar bhonneagar fisiciúil na hÉireann, an Gréasán Bóithre Náisiúnta go háirithe. D’úsáid an Rialtas conarthaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí le cabhrú le tuairim is ceathrú den chlár bóithre náisiúnta beartaithe a mhaoiniú, a síleadh a bheith ag thart ar €5.5bn ag an am.
Is socrú é comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí (CPP) idir údarás poiblí agus comhpháirtí príobháideach a dearadh chun tionscadal bonneagair phoiblí a sheachadadh agus a sheirbhísiú faoi chonradh fadtéarmach. Faoin gconradh sin, bíonn rioscaí suntasacha agus freagrachtaí bainistíochta ar an gcomhpháirtí príobháideach. Go hiondúil is é an comhpháirtí príobháideach a mhaoiníonn agus a thógann tionscadail CPP agus ansin cuirtear ar fáil iad lena n-úsáid don phobal agus íocann an Stát agus/nó úsáideoirí astu thar thréimhse fhadaithe. Is faoi úinéireacht an Stáit ansin an tsócmhainn.
Tá deich mbóthar dola ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta. Oibrítear ocht gcinn faoi shamhail lamháltais dola “Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí” (CPP) agus oibrítear dhá cheann go díreach thar ceann Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ); an M50 agus Tollán Bhaile Átha Cliath. (Tabhair faoi deara gur bóthar réigiúnach faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath é Droichead Dola na Rinne.)
Táimid freagrach as an ngréasán bóithre náisiúnta, a bhfuil na bóithre príomha agus tánaisteacha - a thosaíonn le M agus N - mar chuid de, lena n-áirítear mótarbhealaí, débhealaí agus bóithre aontreo in Éirinn. Is ionann sin agus 5,306km de bhóthar. Bíonn beagnach 50% de thrácht uile na mbóithre agus breis is 90% den trácht lastais náisiúnta ar an ngréasán sin, agus mar sin, tá sé ríthábhachtach d’fheidhmiú éifeachtúil ár ngeilleagair agus sochaí.
Tá níos mó eolais ar CPPanna ar fáil anseo.
Ioncam Dola
Is sócmhainn ríthábhachtach é an Gréasán Bóithre Náisiúnta a dteastaíonn infheistiú agus cothabháil leanúnach uaithi. Úsáidtear na dolaí M50 agus Thollán Bhaile Átha Cliath a bhailítear ar son BIÉ chun gníomhaíochtaí ‘Cosanta agus Athnuachana’ de chuid BIÉ a mhaoiniú.
Chomh maith leis sin, úsáidtear an t-ioncam dola a bhailíonn Cuideachtaí CPP ar bhóithre dola CPP (M1, M3, M4, N6, M7/M8, N8, Tollán Luimnigh, N25) chun maoiniú a chur ar fáil d’oibríochtaí agus do ghníomhaíochtaí cothabhála agus athnuachana, agus chun na hiasachtaí a fuarthas ó chuideachtaí CPP chun an bóthar a thógáil ar an gcéad dul síos a aisíoc.
Áirítear le gníomhaíochtaí ‘Cosanta agus Athnuachana’ na nithe seo a leanas: dromchlaí bóthair agus draenacha a ghlanadh, nithe cosúil le bolgáin soilsithe phoiblí a athrú, comharthaí, dromchlaí bóthair, marcálacha bóthair, sclaigeanna agus damáiste do na bóithre ó fheithiclí a dheisiú, chomh maith le hidirghabhálacha le cur le saolré bóithre, m.sh., cóiriú dromchlaí agus athfhásrú droichead. Áirítear i measc gníomhaíochtaí freisin codanna den bhóthar a athrú nuair is gá, m.sh. droichead, draenacha, nó cuid shuntasach den bhóthar.
Feithiclí de chuid Óglaigh na hÉireann a úsáidtear chun críoch oifigiúil, feithiclí a úsáideann an Garda Síochána (fórsa póilíneachta na hÉireann), feithiclí na briogáide dóiteáin, otharcharranna agus feithiclí bunathraithe do mhíchumas. Mar bharr air sin, tá Feithiclí Earraí Troma díolmhaithe ó dholaí agus Tollán Bhaile Átha Cliath in úsáid acu, le tacú le haistriú trucailí ó lár chathair Bhaile Átha Cliath.
In 2023, €190 milliún agus €27 milliún ar an iomlán a bailíodh ar son BIÉ i ndolaí an M50 agus thollán Bhaile Átha Cliath faoi seach. Nuair a chuirtear an méid sin le chéile leis an sciar ioncaim ó chonarthaí M1 agus M4 CPP, is ionann an t-iomlán a bhailigh BIÉ in 2023 agus beagán faoi bhun €229 milliún, ar méadú 12.8% é ón €203 milliún a bailíodh in 2022.
Rialaítear méid na ndolaí a ghearrann Bóithre Dola ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta trí shásra coigeartaithe boilscithe mar a leagtar amach sna Fodhlíthe Dolaí. Leagtar amach sna Fodhlíthe Dolaí an modh a úsáidtear chun rátaí dola a ríomh agus tá forálacha iontu a chuireann bac ar oibritheoirí dola rátaí dola a ghearradh atá níos airde ná leibhéal faoi leith, a dtugtar ‘an t-uasdola’ air, do gach aicme feithicle. Tá breis faisnéise maidir le Fodhlíthe Dolaí ar fáil ar shuíomh gréasáin BIÉ agus is féidir teacht uirthi . anseo
Ní thagann ardú ar dholaí ach amháin nuair a thagann méadú ar an ráta foluiteach boilscithe. Mar shampla, mhéadaigh táillí dola in 2023 agus 2024 agus tiocfaidh ardú orthu in 2025 ach idir na blianta 2014 agus 2021, ar thréimhse boilscithe ísil in Éirinn í, níor tháinig méadú bliain i ndiaidh bliana ar fhormhór na ndolaí do charranna paisinéirí agus bhí laghdú ar rátaí dola in 2010 agus 2011.
Seirbhís do Chustaiméirí
Go díreach leis an oibritheoir dola. Is féidir teacht ar shonraí teagmhála do gach oibritheoir bóthair dola anseo. .
Maoirsíonn BIÉ oibríochtaí dola agus is spéis linn bheith ar an eolas maidir le haon deacrachtaí a bhíonn ag custaiméirí agus iad ag idirghníomhú le hoibritheoirí dola. Téigh i dteagmháil le do thoil le customerservice@tii.ie sonraí do ghearáin.
Oibríonn an M50 dola gan bhacainní idir Acomhal 6 (N3 Baile Bhlainséir) agus Acomhal 7 (N4 Leamhcán) den mhótarbhealach, a léirítear le comharthaí corcra agus droichead. Níl aon dola-phlás ar an láthair ann. Tá go dtí 8pm ar an lá dár gcionn agat chun íoc as an turas seo le eFlow.
Is féidir leis an oibritheoir dola admhálacha íocaíochta a chur ar fáil. Is féidir teacht ar shonraí teagmhála do gach oibritheoir bóthair dola anseo.