Samhaltú 3T Chóras Páirce Meánaoisí Déanaí ag Ballygillin 1, Co. na hIarmhí
Le Ian Russell ón Aonad Seirbhísí Comhairleoireachta Seandálaíochta
Samhaltú 3T Chóras Páirce Meánaoisí Déanaí ag Ballygillin 1, Co. na hIarmhí Le Ian Russell ón Aonad Seirbhísí Comhairleoireachta Seandálaíochta I mbaile fearainn Ballygillin, atá suite idir Dealbhna agus An Muileann gCearr i gCo. na hIarmhí, dhírigh suirbhé geoifisiceach a rinne Target Archaeological Geophysics i mí Iúil 2018 ar an gceantar mórthimpeall ar imfhálú a bhí taifeadta roimhe sin (Taifead Séadchomharthaí agus Áiteanna Uimh. WM013-095). Níl aon lorg infheicthe den láithreán seo os cionn na talún, ach tá barrachomhartha lag le feiceáil ar aerfhótagraif agus tá sé léirithe mar limistéar ciorclach ar mhapa eastáit 1833 de Ballykilinn (Ballygillin) agus Baile Liam, a bhí faoi úinéireacht Edward Briscoe. Tugadh le fios sa suirbhé geoifisiceach gur pointe fócais a bhí san imfhálú seo agus gur fhorbair córas páirceanna fairsing mórthimpeall air. I rith tástálacha seandálaíocha a rinneadh ina dhiaidh sin sainaithníodh trí dhíog a bhain leis an gcóras páirceanna seo.


Torthaí suirbhé geoifisiceach ina dtaispeántar an córas páirceanna mórthimpeall ar an imfhálú díge lárnach (Wm013-095) ó dheas de bhóthar nua an N52 - an bóthar idir An Clochán–Baile na mBilí (Target Archaeological Geophysics). Barr: Íomhá liathscála forshrathnaithe ar aerfhótagraf 2020 (Google, © 2021 CNES/Airbus) agus ina léirítear fairsinge chonair na mbóithre. Bun: Íomhá léirmhínithe ina dtaispeántar an ceantar tochailte laistigh de chonair na mbóithre.
Ainneoin go raibh an t-imfhálú níos faide ó chonair Chéim 2 bheartaithe den N52 - an bóthar idir An Clochán–Baile na mBilí—Athailíniú an Tuairín go dtí Baile na mBilí, bhí an chuid is faide ó thuaidh den chóras páirceanna nua-aimsithe, 60 m ó thuaidh den imfhálú, laistigh de lorg an bhóthair agus, dá réir sin, faoi réir tochailte seandálaíochta. Rinneadh an obair seo i mí Dheireadh Fómhair 2018 faoi threoir an údair don Aonad Seirbhísí Comhairleoireachta Seandálaíochta (ACSU) thar ceann Réitigh Bhainistíochta Sheandálaíochta Tta.
TNochtadh, rinneadh tochailt agus taifeadadh iomlán ar thrí dhíog a bhí le fáil sa chóras páirceanna fairsing seo. Bhí cruth cuarlíneach ar an díog is mó ar an bplean agus ba chosúil gurb ionann é agus an chuid thoir agus thuaidh d’imfhálú ainmhithe nó barr. Buailte leis sin bhí díog thuaidh– theas, cuid de rannán inmheánach laistigh den imfhálú páirce seo seans. Shín an tríú díog thiar thuaidh agus thoir theas agus cuid de theorainn pháirce inmheánach a bhí ann freisin. Sna díoga seo fuarthas gualach, síolta gualaithe, bloghanna de chnámha ainmhithe, déantáin mhiotail anseo is ansiúd agus roinnt sligí potaireachta meánaoiseacha. Bunaithe ar na cineálacha potaireachta a aimsíodh agus ar dháta radacarbóin a bhí luaite le fiacail eallaigh, gach seans gur leis an 13ú –14ú haois a bhain an coimpléacs seo.
Chomh maith leis sin, bhí tiníl chun gránach a thriomú tógtha ag íochtar na díge cuarlíní. Seans gur roghnaíodh é sin mar shuíomh fabhrach chun an tiníl a chosaint ón ngaoth agus ón mbáisteach. Fuarthas líon beag grán gránaigh gualaithe sa ghné seo. Cruithneacht gan chrotal a bhí i gcuid de na samplaí, agus bhí dáta radacarbóin de thús an 15ú –tús an 17ú haois luaite le ceann de na samplaí.
Tá eolas níos mionsonraithe maidir leis na fionnachtana seandálaíochta ag Ballygillin le fáil sa scéim StoryMap —Past lifeways in the Irish Midlands— agus tá an tuarascáil tochailte le fáil i mBailiúcháin Oidhreachta Digití TII..
Chun cabhrú leis an láithreán a chaomhnú i bhfoirm taifid agus chun cabhrú le haon taighde a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo ar an imfhálú agus ar an gcóras páirceanna meánaoiseach déanach gaolmhar, cruthaíodh samhail thríthoiseach (3T) den cheantar tochailte

Stadáin ón tsamhail 3T den réimse tochailte den chóras páirceanna meánaoiseach déanach ag Ballygillin, Co. na hIarmhí. Ón mbarr-clé ar deiseal: ag féachaint siar ó dheas, ó dheas, soir ó thuaidh agus ó thuaidh (Ian Russell, ACSU).
Chuir an t-údar an taifeadadh digiteach seo i gcrích trí úsáid a bhaint as cineál bogearraí ríomhaireachta a phróiseálann grianghraif dhigiteacha chun samhlacha 3T a ghiniúint. Is foirm de léirshamhlú digiteach í seo atá in úsáid ag níos mó agus níos seandálaithe chun cabhrú leo láithreáin oidhreachta a thaifeadadh. Cruthaíodh an tsamhail le bogearraí Reality Capture trí úsáid a bhaint as 211 íomhá fhótagrafach i bhformáid chomhaid .jpeg. Trí úsáid a bhaint as drón aerga Phantom 3, taifeadadh sraith íomhánna físeáin agus stadán thart ar imlíne an láithreáin ag airdí éagsúla go dtí go raibh taifead iomlán 360-céim den cheantar tochailte taifeadta. San áireamh anseo cinntíodh go raibh forluí oiriúnach (20–25%) ag gach íomhá.
Nuair a bhí siad taifeadta, úsáideadh na híomhánna sa bhogearra Reality Capture agus ailíníodh go huathoibríoch agus de láimh iad trí úsáid a bhaint as marcóirí chun léargas a thabhairt ar na pointí i ngach íomhá a d’fhorluigh leis an ngrianghraf comhfhreagrach. Nuair a bhí siad ailínithe, chruthaigh an bogearra scamall agus mogall dlúthphointe, ar ar taispeánadh imlíne gharbh den láithreán. I ndiaidh eagarthóireacht agus ceartúcháin a dhéanamh, chruthaigh an bogearra samhail uigithe trí uigeach agus dathanna ó na híomhánna a chur san áireamh. Sábháladh an tsamhail 3T i bhformáid chomhaid .fbx agus rinneadh í a ionchur in Sketchfab—ardán gréasánbhunaithe chun amharc ar shamhlacha 3T—tráth a ndearnadh ceartúcháin bhreise ar an soilsiú agus ar an uigeacht. Is féidir féachaint ar an tsamhail chríochnaithe in Sketchfab.
(Postáilte, 20 Lúnasa 2021)