Tua Tuf Great Langdale as an tSeanchill, Co. Ros Comáin

Leis an seandálaí sinsearach Ros Ó Maoldúin ó Archaeological Management Solutions agus leis an ngeolaí Stephen Mandal ó The Irish Heritage School

Mar thoradh ar na tochailtí a rinneadh roimh Scéim Bhóthair N5 ó Bhealach an Doirín go Scramóg i gContae Ros Comáin, thángthas ar níos mó ná 100 suíomh seandálaíochta nár taifeadadh roimhe seo, inar nochtadh fianaise ar ghníomhaíocht dhaonna ón tréimhse Mhéisiliteach go dtí an lá inniu. Anseo, dírímid aird ar thua Neoiliteach a bhfuil bunús coimhthíoch ag gabhail léi, a fuarthas i mbaile fearainn na Seanchille, soir ó bhaile Ail Finn.

The Shankill Langdale tuff axe (Photo: John Channing, AMS).

Tua tuf Langdale na Seanchille (Grianghraf: John Channing, AMS).

Is é tua na Seanchille (déantúsán uimh. E5077:1) ceann de sheacht dtua cloiche a fuarthas le linn thionscadal N5, ach is é seo an t-aon cheann atá déanta as ábhar is féidir a rianú siar d'áit atá lasmuigh d'Éirinn. Tá sé déanta as tuf bolcánach mínghráinneach agus bandáilte i nglas, agus is é is dóichí go mbaineann sé le Grúpa VI de Choiste Peitreolaíochta Uirlisí na Breataine, an cineál tua cloiche is coitianta agus is fearr clúití sa Bhreatain. Is eol dúinn go dtagann Grúpa VI as foinsí sna ceantair Great Langdale agus Scafell in Cumbria in iarthuaisceart Shasana. Is dócha gur baineadh as mullach Pike o' Stickle é, nó as áit eile a roghnaíodh d'aon turas toisc go raibh sí deacair a bhaint amach. Is minic a d'fhágtaí lomáin ardcháilíochta a raibh rochtain éasca orthu gan saothrú de rogha ar na suíomhanna seo a bhí deacair a bhaint amach. Is cosúil go mbaineann sé sin agus dath na dtuanna cloiche glasa le bunús agus cleachtaí soláthair na dtuanna séidíte a baineadh i réigiún Shliabh Bego de chuid Alpa na Fraince agus na hIodáile na mílte bliain roimhe sin, agus a thug na pobail Neoiliteacha is luaithe leo go dtí an Bhreatain agus go hÉirinn.

 

Illustration of the Shankill axe (Drawing: John Murphy).

Léaráid de thua na Seanchille (Líníocht: John Murphy)

Is dócha go ndearna an tua a snoí go garbh i ngar don chairéal agus go ndearna é a líomhadh agus a shnasú (le leaca líofa déanta as gaineamhchloch agus gaineamh mínghráinneach) níos déanaí i gceantar lonnaíochta sna hísealchríocha. Fuartahs níos mó ná 1,600 tua tuf Langdale sa Bhreatain agus in Éirinn, agus mar sin is é an tua tuf Langdale an cineál tua is coitianta ón gceantar; mar sin féin, ciallaíonn sé sin nach ndearnadh ach idir dhá cheann agus seacht gcinn in aghaidh na bliana ar an meán ar fud na 250–750 bliain a meastar na suíomhanna cairéil a bheith i bhfeidhm lena linn. I 1998, thaifead Tionscadal Tua Cloiche na hÉireann beagán níos mó ná 120 tua tuf Langdale in Éirinn. Tá na suíomhanna ina bhfuarthas iad scaipthe go forleathan, agus braislí suntasacha le fáil i dtuaisceart Chontae Aontroma agus timpeall ar Loch Goir i gContae Luimnigh, ach is é seo an chéad tua dá leithéid a fuarthas i gContae Ros Comáin. Caithfidh gur tháinig tua na Seanchille go Ros Comáin trí mhalartú níos déanaí nó i lámha taistealaí, ach léiríonn an dá chás go raibh naisc idir pobail ar fud na Breataine agus na hÉireann.

Tá lann na tua siméadrach agus cuartha go réidh nuair a fhéachtar anuas uirthi. Tá an tua shiméadrach nuair a fhéachtar uirthi ón taobh agus í cuartha go han-réidh sa trasghearradh agus tá cumair shoiléire ar an dá thaobh. Tá gruanna ar a haghaidh chlé, tá a haghaidh dheas cruinn, agus, mar a luaitear thuas, is féidir í a aicmiú ó thaobh moirfeolaíochta de mar thua de chuid Grúpa VI. Tá a faobhar briste clúdaithe le roinnt lorg sleanntaigh, rud a thugann le fios gur briseadh d'aon turas í sular cuireadh i dtaisce í. Ní raibh ach an chuid íochtair den tua (ar a bhfuil an faobhar gearrtha) i láthair agus fuarthas i scoilt sa bhuncharraig í, áit inar cuireadh go cúramach í de réir cosúlachta. Is cleachtas é sin a bhfuil a lán fianaise ann ina leith agus a bhaineann go háirithe le Cumbria, áit inar bhristí tuanna d'aon turas go minic agus inar chuirtí i gcuasa agus scoilteanna nádúrtha áirithe iad ag suíomhanna ar nós Chairéal Stainton.

Suíomh a úsáideadh le linn go leor réanna ab ea Seanchill 1 (an suíomh inar fuarthas an tua), ina raibh an chuid is mó de na hiarsmaí ó ré na meánaoise, ach fuarthas clocha Neoiliteacha eile agus i ndiaidh dhá bhabhta de dhátú radacarbóin sa suíomh fuarthas dátaí ón ré Neoiliteach Luath go Meánach (4000-3000 BC). Fuair duine de stiúrthóirí an tsuímh, Renata Nolan, an tua agus ba ise an chéad duine le lámh a leagan uirthi le thart ar chúig mhíle bliain go leith.

 

An stiúrthóir Renata Nolan agus tua tuf Langdale na Seanchille ina lámh aici (Grianghraf: Ros Ó Maoldúin, AMS)

Le linn na luathré Neoilítí, baineadh tua na Seanchille as áit thuas go hard ar shliabh in Cumbria agus ansin tugadh go Ros Comáin í, b'fhéidir trí shraith malartuithe. Léiríonn a dhath agus na cleachtais a bhain lena soláthar cleachtais a bhaineann le tréimhse níos mó ná 1,000 bliain níos luaithe in Alpa na Fraince/na hIodáile. Cuireann a turas go Ros Comáin fianaise fhollasach ar fáil maidir le naisc idir pobail Neoiliteacha ansin agus pobail Neoiliteacha sa Bhreatain agus in Éirinn. Toisc gur briseadh d'aon turas agus gur cuireadh i dtaisce í, tugtar le tuiscint go raibh deasghnáth fónta ag baint leis an nós sin, nach féidir linn ach buille faoi thuairim meáite a thabhairt faoi. D'fhéadfadh sé gur coinníodh an leath eile den tua nó gur cuireadh áit éigin eile í chun nasc a dhéanamh leis an áit agus/nó le pobail ag an tSeanchil

Léitheoireacht bhreise

Bradley, R & Edmonds, M 1993 Interpreting the Axe Trade. Cambridge University Press, Cambridge.

Cooney, G & Mandal, S 1998 The Irish Stone Axe Project. Wordwell, Baile Átha Cliath.

Cummins, W A & Clough, T H McK (eag.) 1988 Stone Axe Studies, volume 2: the petrology of prehistoric stone implements from the British Isles. Tuarascáil Taighde CBA 67. Council for British Archaeology, Londain.

Topping, P 2021 Neolithic Stone Extraction in Britain and Europe: an ethnoarchaeological perspective. Oxbow Books, Oxford.

(arna phostáil 21 Meán Fómhair 2023)