Súil Eile ar Thiníl ón 19ú hAois i Lios Cromaille, Co. Mhaigh Eo

Le Richard Gillespie, Agnes Kerrigan, Ian Russell agus Siobhan McNamara

Tá tiníleacha le fáil ar fud na háite agus is láithreán tionsclaíoch coitianta i dtírdhreach na hÉireann a leithéid. Tá siad ar taispeáint ar léarscáileanna Suirbhéireachta Ordanáis (SO) ón 19ú hAois mar chiorcal beag ina bhfuil réimse dorcha a sheasann don pholl stócála, ach go ginearálta ní ainmnítear a leithéid. Is léir i ndiaidh spléachadh a thabhairt ar léarscáileanna sé orlach, an chéad agus an dara heagrán, is léir go bhfuil neart tiníleacha ar fáil ar fud cheantar tuaithe na hÉireann. Bhí tiníl dá gcuid féin ag nó leor áitribh feirme nó seans go raibh úsáid á baint ag grúpa feirmeoirí as tiníl idirphobail chun freastal ar a riachtanais. Rinne Siobhan McNamara ó ACSU Tta obair thochailte ag tiníl ón 19ú haois ag Lios Cromaille, Co. Mhaigh Eo i mí na Nollag 2016, feadh stráice nua de bhóthar náisiúnta an N5. Bhain an tiníl le grúpa beag tithe agus glacadh leis mar cheann amháin de ghrúpa tiníleacha a bhí le fáil sa bhaile fearainn.

Extract from the first-edition Ordnance Survey (OS) six-inch map showing a number of limekilns (circled in red) in the townland of Liscromwell, Co. Mayo. The excavated kiln is located further to the south and is possibly later in date than those depicted here (Reproduced with the permission of the Government of Ireland and Ordnance Survey Ireland under permit number EN0045216).

Sliocht as léarscáil sé orlach Suirbhéireachta Ordanáis (SO), céadeagrán, ar a dtaispeántar roinnt tiníleacha (marcáilte le ciorcal dearg) i mbaile fearainn Lios Cromaille, Co. Mhaigh Eo. Tá an tiníl tochailte suite níos faide ó dheas agus seans gur tógadh í i ndiaidh an dtiníleacha atá á dtaispeáint anseo (Atáirgthe le cead ó Rialtas na hÉireann agus ó Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann faoi uimhir cheadúnais EN0045216).

Go ginearálta, is déanta de chloch a bhí tiníleacha agus bhí siad tógtha i mbruach nó i gcnoc, rud a chiallaigh go raibh sé éasca dul chomh fada leis an bpointe oscailte chun é a líonadh le haolchloch agus le móin. Is cruth ciorclach a bhíonn ar thiníleacha de ghnáth, ainneoin go bhfuil tiníleacha dronuilleogacha agus cearnógacha le fáil freisin. Bhí cuar réidh le feiceáil taobh istigh d’fhonn a chinntiú nár ghreamaigh an t-aol de na ballaí agus seans go raibh plástar déanta de ghaineamh agus aol mín le fáil sna tiníleacha, a raibh sé riachtanach a dheisiú tar éis roinnt úsáidí. Bhíodh poll stócála, ar a tugadh púirín nó púitse, le fáil ag bun an bhalla thosaigh ionas go bhféadfaí an tiníl a lasadh agus an t-aol a bhaint amach aisti. Bhíodh lindéar cloiche le fáil os cionn na hoscailte chun an balla cloiche a iompar

The Liscromwell limekiln prior to excavation (Photo: Mayo County Council).

Tiníl Lios Cromaille sula ndearnadh na hoibreacha tochailte (Grianghraf: Comhairle Contae Mhaigh Eo).

Bhí dhá chineál tiníleacha bhunúsacha ann: an tiníl uaineach agus an tiníl leanúnach. Ba í an tiníl leanúnach an cineál ba choitianta, inar leagadh breosla agus aolchloch le chéile sa tiníl chun iad a dhó. (Is tiníl leanúnach a bhí sa tiníl a tochlaíodh ag Lios Cromaille.) Bhíodh breosla agus aolchloch á leagan isteach sa tiníl go leanúnach i gcomhair dhá nó trí lá agus ansin tugadh cead dó fuarú. Sholáthair an tiníl uaineach, ina mbíodh an breosla agus an aolchloch á scaradh óna chéile go ginearálta, táirge a bhí saor ó luaithreach agus níos glaine. Rinneadh é sin trí áirse nó urlár aolchloiche a fhorbairt idir príomhbhabhla na tiníleach agus an limistéar bácála. Níor líonadh an tiníl uaineach ach uair amháin, cuireadh aolchloch/breosla isteach ann agus fágadh é le dó, agus níor cuireadh aon aolchloch ná breosla breise isteach sa tiníl i rith an phróisis dó. Ansin baineadh an t-aol amach as an tiníl agus athúsáideadh é. Bhíodh gráta/barraí iarainn sa tiníl leanúnach i bhfoirm líne díreach trasna ón bpoll stócála. Scar an gráta an limistéar dó ón aolchloch agus breosla os a chionn, agus d’fhéadfadh an t-aol titim tríd chun é a bhaint amach.Extract from the 1940–50 edition of the OS six-inch map showing the location of the limekiln excavated in Liscromwell (circled in red). Note the absence of the kilns to the north-east, by the townland name, originally depicted on the first-edition map (Reproduced with the permission of the Government of Ireland and Ordnance Survey Ireland under permit number EN0045216).

Sliocht as eagrán 1940–50 de léarscáil sé orlach SO ar a dtaispeántar suíomh na tiníleach a tochlaíodh ag Lios Cromaille (marcáilte le ciorcal dearg). Tabhair faoi deara nach bhfuil aon tiníl le feiceáil soir ó thuaidh, de réir ainm an bhaile fearainn, a taispeánadh ar dtús ar an léarscáil chéadeagráin (Atáirgthe le cead ó Rialtas na hÉireann agus ó Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann faoi uimhir cheadúnais EN0045216).

Ba í móin an príomhchineál breosla, ach úsáideadh gualach, cóc agus adhmad freisin, áfach. Bhí na teochtaí taobh istigh de thiníl cothrom le 900–1200 ºC agus thóg sé suas le 48 uair an chloig chun aol a dhéanamh den aolchloch. Bhíodh an tiníl á líonadh le sraitheanna de mhóin agus d’aolchloch a bhí briste i bpíosaí beaga chun cabhrú leis an bpróiseas dó. Ansin lasadh an tsraith íochtair den mhóin agus de réir mar a bhí an aolchloch agus an breosla á dhó, cuireadh tuilleadh sraitheanna sa tiníl go dtí go raibh sí lán le haol. Fágadh an tiníl chun fuarú i gcomhair dhá nó trí lá sular folmhaíodh í agus cuireadh an t-aol i málaí nó i mbairillí chun é a dhíol nó a úsáid sa bhaile.

Is déanta de charbónáit chailciam go príomha atá aolchloch agus cruthaítear ocsaíd chailciam (aol beo) nuair a dhóitear í. Nuair a dhéanann uisce teagmháil leis an aol cruthaítear hiodrocsaíd chailciam mar thoradh ar phróiseas ar a dtugtar teilgean agus cruthaítear aol teilgthe nó aol hiodráitithe. Cruthaítear moirtéal d’fhoirgnimh chloiche nuair a mheasctar aol teilgthe le gaineamh. Is féidir go leor úsáidí eile a bhaint as aol nuair a bhíonn sé próiseáilte. Baintear go leor úsáide as faoin tuath in Éirinn do phlástráil agus do rindreáil faoi sclátaí, chun ballaí agus adhmaid rachtaí a aoldathú, i dtithe éanlaithe chun míolta a mharú agus chun galar a chosc, le leathadh os cionn conablach ainmhithe chun tacú le lobhadh, agus chun prátaí a spraeáil nuair a bhíonn sé measctha le cloch ghorm agus le sóid níocháin. I measc na n-úsáidí eile bhí aol a chroitheadh os cionn na bprátaí péactha cúpla lá sular cuireadh iad, tamhain chrainn a aoldathú chun damáiste ó dhrúchtíní agus ó fheithidí a chosc, agus buicéad aoil a chur isteach sa tobar chun an t-uisce a ghlanadh. Chomh fada is a bhaineann le cúrsaí tionsclaíocha, úsáideadh aol chun soláthar gáis an bhaile a ghlanadh, mar fhlosc i bhfoirnéisí soinneáin, nuair a bhí púdar agus sóid tuartha á dtáirgeadh, agus chun an fionnadh a bhaint de sheithí ainmhithe i rith an phróisis súdaireachta

San áireamh i dtiníl Lios Cromaille tá struchtúr ubhchruthach a raibh balla saoirseachta tirime mórthimpeall air le trastomhas 3.1 m ag dul i dtreo thuaidh–theas, trastomhas 2.9 m ag dul soir– siar, agus a bhí 1.55 m ar airde. Bhí na ballaí 0.25 m tiubh i dtreo an oirthir agus an deiscirt, 1.0 m tiubh i dtreo an tuaiscirt, agus 1.25m tiubh i dtreo an iarthair. Is déanta d’aolchloch gharbh, lomnocht a bhí an tiníl, agus ní raibh aon nascáil ná moirtéal le feiceáil. Bhí poll stócála lindéir, 0.38 m ar leithead agus 0.51 m ar airde, le fáil san aghaidh thiar. Bhí cainéal aeir ar a raibh leaca aolchloiche nocht ag íochtar na tiníleach, laistigh den bhabhla luchtaithe. Is ag féachaint sa treo thiar–thoir a bhí sé agus bhí sé 0.3m ar leithead agus 0.1 m ar doimhneacht, agus bhí sé ag síneadh amach ag íochtar an phoill stócála. Fuarthas rochtain ar phota na tiníleach nó ar an mbabhla luchtaithe trí rampa 3 m ar leithead a bhí gearrtha i gcúl na tiníleach agus bhí cosán garbh miotail ag síneadh soir ón tiníl, chun rochtain a fháil ar an bpoll stócála.

Stills from a 3D model of the Liscromwell limekiln created by Ian Russell of ACSU Ltd.

Stadáin ó shamhail 3T de thiníl Lios Cromaille cruthaithe ag Ian Russell ó ACSU Tta

Chruthaigh an seandálaí Ian Russell samhail thríthoiseach (3T) de thiníl Lios Cromaille trí úsáid a bhaint as cineál bogearraí ríomhaireachta a phróiseálann grianghraif dhigiteacha chun samhlacha 3T a ghiniúint. Is foirm de léirshamhlú digiteach í seo atá in úsáid ag níos mó agus níos seandálaithe. Cruthaíodh an tsamhail le Agisoft Photoscan (Eagrán Gairmiúil) trí úsáid a bhaint as 321 íomhá fhótagrafach i bhformáid chomhaid .jpeg. Trí úsáid a bhaint as ceamara Nikon D90 DSLR, glacadh na híomhánna mórthimpeall ar thrastomhas na tiníleach ag airdí éagsúla go dtí go raibh taifead iomlán 360 céim faighte de thaobhanna agus de bharr na tiníleach agus cinntíodh go raibh forluí (20–25%) leordhóthanach ar gach íomhá. Samhlaigh go bhfuil babhla éisc ollmhór, bunoscionn, leagtha os cionn na tiníleach, agus glac dóthain grianghraf chun gach cuid den bhabhla a chlúdach ionas nach féidir leat féachaint tríd an ngloine.

Nuair a bhí na híomhánna taifeadta úsáideadh iad sa bhogearra Agisoft Photoscan agus ailíníodh go huathoibríoch agus de láimh iad trí úsáid a bhaint as marcóirí chun léargas a thabhairt ar na pointí i ngach íomhá a d’fhorluigh leis an ngrianghraf comhfhreagrach. Nuair a bhí siad ailínithe, chruthaigh an bogearra scamall agus mogall dlúthphointe, ar ar taispeánadh imlíne gharbh na tiníleach. I ndiaidh eagarthóireacht agus ceartúcháin a dhéanamh, chruthaigh an bogearra samhail uigithe trí uigeach agus dathanna ó na híomhánna a chur san áireamh. Sábháladh an tsamhail 3T i bhformáid chomhaid .fbx agus rinneadh í a ionchur in Sketchfab—ardán gréasánbhunaithe chun amharc ar shamhlacha 3T—tráth a ndearnadh ceartúcháin bhreise ar an soilsiú agus ar an uigeacht. Is féidir féachaint ar an tsamhail chríochnaithe in Sketchfabanois.

Ábhar léitheoireachta breise

Egan, E 1994 ‘Limekilns: a way of life in a rural community’, in Drum Heritage Group, Drum and its hinterland, 307–11. Grúpa Oidhreachta an Droma, An Droim.

Gillespie, R & Kerrigan, A 2010 Of Troughs and Tuyères: the archaeology of the N5 Charlestown Bypass. Monagraif Scéim ÚBN 6. An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, Baile Átha Cliath.

O’Hara, B 1991 The Archaeological Heritage of Killasser, Co. Mayo. . Foilseacháin Aonad Taighde agus Forbartha GMIT, Gaillimh.

O’Sullivan, M & Downey, L 2005 ‘Lime kilns’, Seandálaíocht Éireann, Iml. 19, Uimh. 2, 18–22..

Rynne, C 2006 Industrial Ireland 1750–1930: an archaeology. Cló Collins Press, Corcaigh.

(Postáilte, 29 Samhain 2017)