Soitheach Adhmaid Meánaoiseach Luath ó Ghort Curraoin, Lios Tuathail, Co. Chiarraí

Le Tony Bartlett agus Ross Drummond, Réitigh Bhainistíochta Sheandálaíochta

Mar thoradh ar thochailtí a rinneadh sular cuireadh tús le Scéim an N69 - Scéim Sheachród Lios Tuathail i gCo. Chiarraí aimsíodh breis is 11 láithreán seandálaíochta nach raibh taifeadta roimhe sin agus aimsíodh fianaise ar ghníomhaíocht dhaonna i gceantar Lios Tuathail idir an Chréumhaois agus an tréimhse chomhaimseartha. Ceann de na hearraí ba shuntasaí a aimsíodh ba ea soitheach adhmaid briste déanta as crann iúir, a aimsíodh i sil-leagain mhóna ag láithreán Ghort Curraoin 1.

Is soitheach stéibh-thógtha, cónúil, béaloscailte atá ann ina bhfuil 25 stéibh, cuid d’fháinne ceangailte, agus bonn ilchodach neamhchríochnaithe i dtrí pháirt atá á gcoinneáil le chéile le duail adhmaid. Tugann dátú radacarbóin a rinneadh ar an bhfáinne ceangailte, atá déanta d’iúr leathscoilte, le fios go mbaineann sé leis an tréimhse mheánaoiseach luath (AD 774–950). Chomh maith leis sin, laistigh de na sil-leagain mhóna bhí líon beag píosaí d’adhmad darach ex situ ó struchtúr neamhaithnid. Is léir ó anailís deindreacroineolaíochta atá déanta gur leagadh na crainn a úsáideadh le haghaidh ceithre phíosa adhmaid sa naoú haois AD.

The remains of the Gortcurreen 1 vessel (Photo: John Channing, AMS).

Iarsmaí shoitheach Gortcurreen 1 (Grianghraf: John Channing, AMS).

Tá soitheach Gortcurreen 1 réasúnta mór, tá na stéibheanna is faide suas le 75 cm ar fad, agus tá an trastomhas íochtair cothrom le 53 cm. Is fianaise í an eitre (don bhonn diosca) ar thaobh amháin de na stéibheanna gur soitheach béaloscailte a bhí ann. Is léir ó anailís speisialaithe a rinneadh gur soitheach tí a bhí ann, gur bhain a fheidhm le hullmhú, stóráil agus ithe bia-ábhar. Is sampla atá ann d’oibiacht cruthú tríd an bpróiseas cúipéireachta—scil speisialaithe atá ag ceardaí. Bhí soithí cúipéirithe déanta de stéibheanna ceartingearacha suite mórthimpeall ar dhiosca, a bhí á gcoimeád le chéile de ghnáth le fáinní ceangailte seachtracha déanta d’adhmad nó de mhiotal, agus uaireanta bhíodh duail in úsáid chun iad a choinneáil san áit cheart. Cheadaigh an próiseas sin modh tógála soithí a bhí níos tapa agus níos éifeachtaí ná mar a bhí i dtréimhsí níos luaithe.

The vessel pre-conservation, interpreting its construction (Photos: John Channing, AMS).

An soitheach roimh chaomhnú, a mhodh tógála a léirmhíniú (Grianghraif: John Channing, AMS)

Ainneoin nach bhféadfaí aon rian uirlisí a fheiceáil ar adhmaid an tsoithigh, bhí fianaise ar adhmadóireacht fós le fáil. Ba í an chéad chéim den phróiseas táirgthe na hadhmaid a dheighilt, agus rinneadh na stéibheanna a dheighilt go gathach agus go tadhlaíoch. Ina dhiaidh sin, úsáideadh tuanna agus táil, mar aon le sceana fonsa, chun na stéibheanna a mhúnlú. Seans gur gearradh na heitrí ar na stéibheanna trí úsáid a bhaint as gúiste. Obair chasta ba ea bearradh deiridh na stéibheanna a rinneadh le sceana géara, beaga nó tua dhóige, agus seans go ndearnadh na poill duail sa bhonn ilchodach trí mheanaí a úsáid.

 

Interpretive reconstruction of the Gortcurreen 1 vessel (Drawing: John Murphy).

Atógáil léirmhínitheach shoitheach Ghort Curraoin 1 (Grianghraf: John Murphy).

Seans gur bhain an cinneadh crann iúir a roghnú chun soithí stéibh-thógtha a dhéanamh le stádas, de bhrí go luaitear iúr le daoine mór le rá sa tréimhse mheánaoiseach luath agus go n-úsáidtear é mar mheafar d’oiriúnacht. Is treocht chomhsheasmhach é sin i dtaifead seandálaíochta na hÉireann, agus úsáideadh iúr freisin chun na soithí stéibh-thógtha a aimsíodh ag láithreáin lonnaíochta cosúil le Crannóg I agus II Bhaile an Doire, Co. na hIarmhí, Coill Mhic an Mhuimhnigh, Co. Chill Dara, agus Deer Park Farms, Co. Aontroma.

Leagadh béim éagsúil agus tugadh aird éagsúil ar chineálacha éagsúla crann sa tsochaí Ghaelach réamh-Normannach sa tréimhse mheánaoiseach luath. Tá 28 crann agus tor liostaithe sa téacs Féineachais ón ochtú haois, Bretha Comaithchesa, atá roinnte i gceithre aicme ordlathacha, bunaithe ar a dtábhacht, fiúntas eacnamaíoch agus siombalachas. Ar an gcéad dul síos, bhí ‘tiarnaí na coille’ (airig fedo), ansin bhí ‘comóntaigh na coille’ (aithig fhedo), ‘rannáin níos ísle na coille’ (fodla fedo) agus ‘toim na coille’ (losa fedo). Glacadh leis gur bhain tábhacht ar leith le hIúr (ibar), de bhrí go bhfuil sé liostaithe mar ‘tiarnaí na coille’, mar aon le dair, coll, cuileann, fuinseog (uinnius), péine Albánach (ochtach) agus crann fia-úll (aball).

I dtráchtaireacht dlí ón naoú haois a bhí iarcheangailte le Bretha Comaithchesa, ina soláthraítear achoimre ar na cúiseanna gur bhain an oiread sin tábhachta le ‘tiarnaí na coille’, glactar leis go bhfuil an t-iúr curtha san áireamh de bhrí gur ‘déantán uasal’ atá ann, agus tagraítear go minic d’adhmad iúir a bheith in úsáid chun soithí tí a dhéanamh. Cuimsítear i dtéacs dlí faoin stádas ‘saineolaí ar shaothar iúir’ (saí ibrórachta) mar cheann de na catagóirí de cheardaí, agus i dtráchtaireacht dlí níos déanaí deirtear gurb ionann an t-iúr agus ’crann iúir na ndéantán’ (int éochrann aicdide).

Photograph of the Lissaniska vessel pre-conservation, following reconstruction (Photo: Ian Russell, ACSU)

Soitheach Lios an Uisce roimh chaomhnú, i ndiaidh atógála (Grianghraf: Ian Russell, ACSU).

Aimsíodh soitheach iúir meánaoiseach réasúnta luath i rith tochailtí a rinneadh le déanaí ag ráth Lios an Uisce, ag Cill Cholmáin, díreach ó dheas de Bhaile an Mhuilinn, Co. Chiarraí (tá an tuarascáil tochailte ar fáil anseo). Chomh maith leis sin, tugadh faoi deara gur soitheach stéibhthógtha, cónúil, béaloscailte é soitheach Lios an Uisce. Rinneadh dátú radacarbóin ar shampla d’adhmad, a tógadh as an sil-leagan céanna sa díog rátha inar aimsíodh an soitheach, agus cinneadh gur bhain sé leis an tréimhse AD 647–767. Is 12 stéibh a bhí sa soitheach, dhá fháinne ceangailte, agus bonn ilchodach i dtrí pháirt. Chomh maith leis sin, bhí sé réasúnta mór, thart ar 60 cm ar airde, le trastomhas boinn de 44.5 cm

Tá na soithí stéibh-thógtha ó Gortcurreen 1 agus Lios an Uisce an-chosúil, tógadh an dá shoitheach trí phróiseas cúipéireachta agus cuimsítear i mboinn diosca ilchodacha an dá shoithigh cláir atá nasctha le chéile le duail. Tugadh faoi deara go mb’fhéidir go raibh poll dalláin nó buacaire ar cheann de stéibheanna Lios an Uisce, díreach os cionn an bhoinn, fianaise go mbíodh leachtanna á gcoinneáil sa soitheach, chun críche déiríochta (mar chuinneog) nó grúdaireachta.

Is earra tábhachtach é soitheach Ghort Curraoin 1 chomh fada is a bhaineann le staidéar a dhéanamh ar dhéantáin adhmaid mheánaoiseacha luatha ó cheantar tuaithe na hÉireann. Tugann fianaise ón láithreán le fios go raibh stádas sóisialta an-ard ag na háitritheoirí ina bpobal agus gur ceardaí oilte a rinne an coimeádán.

Tá an soitheach á chaomhnú faoi láthair, ag an gcaomhnóir speisialaithe Susannah Kelly, agus cuirfear an obair i gcrích níos déanaí i mbliana sula mbeidh an soitheach réidh le tabhairt d’ArdMhúsaem na hÉireann.

(Postáilte, 20 Márta 2023)