Babhla Iarannaoise ó Tullen, Co. Ros Comáin
Speisialtóir adhmadóireachta neamhspleách, Caitríona Moore, agus an seandálaí sinsearach, Ros Ó Maoldúin, Réitigh Bhainistíochta Sheandálaíochta
Mar thoradh ar thochailtí a rinneadh sular cuireadh tús le Scéim an N5 - an Bóthar idir Bealach an Doirín agus Bóthar Scramóige i gCo. Ros Comáin, aimsíodh breis is 100 láithreán seandálaíochta nach raibh taifeadta roimhe sin agus aimsíodh fianaise ar ghníomhaíocht dhaonna sa cheantar idir an Tréimhse Mhéisiliteach agus an tréimhse chomhaimseartha. Anseo tarraingímid aird ar bhabhla fearnóige dea-chaomhnaithe ón Iarannaois a aimsíodh i rith tochailte (uimh. chlár. E5142) a bhí á stiúradh ag Lydia Cagney i mbaile fearainn Tullen, díreach siar ó thuaidh ó Scramóg.

Babhla Tullen (Grianghraf: John Channing, AMS)
Aimsíodh Babhla Tullen (uimh. déantáin E5142:4) sa chuid uachtair de chlais mhór, agus glacadh leis gurb ionann é agus tobar, ar láithreán dumha dóite ar a dtugtar Tullen 2. (Is féidir féachaint ar fhíseán ina bhfuil cur síos déanta ar an tslí ar aimsíodh an babhla anseo.) Tá dátú radacarbóin déanta ar an mbabhla agus baineann sé leis an dara leath den Iarannaois Láir (196 BC–AD 6) agus meastar go mbaineann sampla de ghualach coill ó bhun an tobair leis an gCré-umhaois Dhéanach (1256–1019 BC). Tugann dátaí atá luaite le gnéithe eile ar an láithreán le fios go raibh sé in úsáid freisin ón gCalcaicíteach (an Choparaois), agus i rith na Cré-umhaoise Luaithe.
Bhí an babhla déanta de phíosa aonair adhmaid agus tá sé fochiorclach, tá an trastomhas cothrom le 202–223 mm go hinmheánach agus 235–248 mm go seachtrach. Síneann péire hanlaí cluaisín cothrománacha an fad seachtrach uasta go dtí 316 mm. Tá tiús an adhmaid idir 5.6 mm agus 30 mm. Tá scoilt amháin i mballa an tsoithigh gar don bhun; ach tríd is tríd, tá bail iontach air. Tá an chorr cothrom agus caite, agus tá an meánleithead cothrom le 17 mm. Tá na ballaí ceartingearach den chuid is mó ach tá fána thart ar 80° ar thaobh amháin. Dá bhrí sin, tá doimhneacht inmheánach an bhabhla idir 54 mm agus 76 mm. Go hinmheánach, tá an bonn comhréidh agus tá bailchríoch an-gharbh air.
Ar dhá thaobh atá i gcoinne a chéile, síneann hanla cothrománach ó díreach faoi bhun na coirre. Tá na hanlaí beagán neamhshiméadrach, tá cruth beagán traipéasóideach ar an gceann is mó (F 40.9 mm; L 89.9 mm; T 30 mm), le corra cruinne agus bun comhréidh le cúinní beibhealta. Tá rianta uirlisí beaga anseo is ansiúd le feiceáil ag an mbun. Tá an hanla níos lú beagnach dronuilleogach (F 33 mm; L 81.9 mm; T 24 mm), le corra cruinne. Tá cruth dinge an-mhaol, éadomhain le fáil ag an mbun agus tá rianta uirlisí beaga anseo is ansiúd le feiceáil. Ar na taobhanna gan na hanlaí tá dhá eitre cheartingearacha trasna óna chéile (L 46 mm agus L 46–56 mm). Tá corr an tsoithigh ag an bpointe is tanaí (L 5.6 mm) san áit a dtrasnaíonn sí na heitrí.

Ag ullmhú chun Babhla Tullen a ardú (Grianghraf: Lydia Cagney, AMS).
Rinneadh múnlú agus bearradh tosaigh an adhmaid i bhfoirm bhunúsach an tsoithigh trí úsáid a bhaint as tuanna. Ansin úsáideadh tuanna beaga, agus siséil agus gúistí freisin seans, chun an lár a tholladh amach. Tá dhá chineál mairc uirlisí ar leith le feiceáil ar an taobh istigh: gruanna comhréidhe arb ionann iad agus cumair ghrua dhíreacha chomhthreomhara éagsúla gar dá chéile (L 23 mm) déanta trí úsáid a bhaint as lann le corr dhíreach, siséal seans, agus marcanna beagán dronnach déanta le lann níos leithne le corr beagán dronnach agus cúinní cruinne (L íosta 32.5 mm), déanta le tua bheag seans. (Is ionann gruanna agus na marcanna aonair a fhágtar ar phíosa adhmaid gach uair a mbuailtear é le huirlis agus is táscairí láidre iad go minic den chineál lainne a úsáideadh. Is táscairí maithe iad na cumair eatarthu freisin ar chumas na lainne gearradh tríd an adhmad agus uaireanta is fianaise atá ina leithéid ar mhéid agus ar chruth chorr na lainne.) Tá an bun comhréidh agus clúdaithe le roinnt cumar grua díreach freisin (F 31–41 mm), cosúil leo siúd ar na ballaí agus tá siad thart ar 2–5 mm óna chéile. Tá a bhformhór leagtha ar a bhfad, comhthreomhar leis na hanlaí. Tá an chuid sheachtrach de na ballaí clúdaithe go héagothrom le rianta uirlisí atá comhréidh agus beagán dronnach, fochiorclach agus ar chruth losainne (Meánfhad 20–24 mm; L 16–24 mm), agus tá cumair an-soiléire eatarthu. Thíos faoin dá hanla tá bandaí de chumair ghrua dhíreacha cosúil leo siúd atá ar an taobh inmheánach. Go seachtrach, tá an bun ar fiar, agus tá roinnt cranraí san adhmad. Tá na rianta uirlisí ar an mbonn dáilte go héagothrom agus cuimsítear iontu roinnt rianta atá cosúil leis na rianta atá le fáil ar an taobh seachtrach de na ballaí, ach tríd is tríd is bandaí de chumair ghrua dhíreacha chomhthreomhara atá le fáil (F 36–56 mm; L 1 mm).
Léaráidí de Bhabhla Tullen (Léaráid: John Murphy, AMS).
Tá an chuid sheachtrach den bhabhla clúdaithe i rianta uirlisí fochiorclacha agus ar chruth losainne díreach cosúil leis na rianta a bhíonn le feiceáil ar shoithigh adhmaid réamhstairiúla, ar a mbíonn siad eagraithe go minic i bhfoirm bandaí comhthreomhara a chruthaíonn móitíf mhaisitheach shimplí. Léiríodh fad is a bhí obair thurgnamhach á déanamh le déanaí chun soitheach macasamhla Iarannaoise a chruthú ó Pallasboy, Co. na hIarmhí (https://thepallasboyvessel.wordpress.com/phase-1-the-pallasboy-vessel/), , á stiúradh ag an adhmadóir, Mark Griffiths, gur féidir na rianta sin a chruthú go héasca trí úsáid a bhaint as gúiste, ach go dtógann sé go leor ama chun iad a eagrú go néata i bhfoirm bandaí. Tá na rianta ar Bhabhla Tullen scaipthe ar bhealach mírialta, agus tá an cruth éagothrom, fianaise b’fhéidir gur duine aonair a rinne an babhla, a raibh taithí áirithe aige nó aici ach a bhí fós ag foghlaim a c(h)eird. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an dá ghrua cheartingearacha éadoimhne ar an taobh seachtrach caite seachas snoite, fianaise go raibh sé crochta san aer agus gur cruthaíodh na gruanna trí úsáid a bhaint as brú agus/nó frithchuimilt rópa. Ainneoin go bhfuil an cruth agus an bhailchríoch beagán éagothrom, is léir gur adhmadóir oilte a rinne Babhla Tullen, duine a bhí in ann an fhoirm bhunúsach a chruthú, an lár a bhaint amach, agus na hanlaí a mhúnlú agus a bhearradh.
Shainaithin an speisialtóir déantáin adhmaid, Caroline Earwood, grúpa de bhabhlaí snoite ó Thuaisceart Éireann agus ó iarthar na hAlban a bhain leis an gcéad aois BC agus leis an gceathrú haois AD. Tá siad sin beagán éagsúil le Babhla Tullen sa mhéid is gur cruth triantánach den chuid is mó atá ar an mbabhla agus go bhfuil siad tollta; ach tá na cosúlachtaí san fhoirm soiléir agus ciallaíonn an dáta atá luaite le Babhla Tullen go mbaineann sé le grúpa Earwood. Tugann sé sin le fios go mb’fhéidir go raibh an t-adhmadóir a rinne Babhla Tullen ag obair laistigh de thraidisiún lenar bhain teimpléad áitiúil ach le naisc thuaisceartacha agus cleamhnuithe cultúrtha freisin b’fhéidir.
Aimsíodh bloghanna de bhabhla eile (10E328:199:1) in imthosca an-chosúla díreach os cionn 2 km ó dheas de Tullen 2 i mbaile fearainn Lios Ruaín, ar imeall Scramóige. Cosúil le Babhla Tullen, aimsíodh é freisin i gclais mhór ar glacadh léi mar thobar a bhí gearrtha i leathán dóite Créumhaoise agus bhí sé déanta d’fhearnóg. Bhain sé le dáta níos déanaí, áfach, (idir an cúigiú agus an séú haois AD) agus níor snoíodh é, is ar deil a rinneadh é.
Is oibiacht laethúil dea-chaomhnaithe déanta d’fhearnóg é Babhla Tullen, speiceas a roghnaítear go minic chun soithigh bhaile a dhéanamh. I dtéacsanna Gaeilge luatha, Aithig Fedo nó ‘comóntach na coille’ a thugtar ar an bhfearnóg agus baineann formhór na dtagairtí don úsáid a bhaintear aisti le sciatha, crainn agus cuaillí pobail a dhéanamh. Go minic, áfach, déanta babhlaí, tobáin agus trachanna a fhaightear i láithreáin bháite d’fhearnóg. Déanta de speiceas tais, coinníonn sé uisce go maith agus ní aistríonn sé aon bhlas chuig bia-ábhair, rud a chiallaíonn gur rogha idéalach atá ann d’úsáid sa bhaile.
Is oibiacht thábhachtach é Babhla Tullen atá le cur san áireamh i gcorpas na soitheach adhmaid Iarannaoise Éireannach agus, ainneoin go bhfuil sé cosúil le babhlaí eile a bhaineann le grúpa Earwood de bhabhlaí snoite ó Thuaisceart Éireann agus ó iarthar na hAlban, tá cruth na hanlaí agus na gruanna ceartingearacha ar an taobh seachtrach sainiúil. Tá an babhla caomhnaithe ag Susannah Kelly agus beidh sé á thabhairt d’Ard-Mhúsaem na hÉireann i dteannta le déantáin eile ó Scéim an N5 - an Bóthar idir Bealach an Doirín agus Bóthar Scramóige nuair a bheidh na hoibreacha iarthochailte ar fad críochnaithe. Tá leabhar le foilsiú amach anseo faoi na hearraí ar fad a aimsíodh i rith na scéime, ach is féidir le léitheoirí níos mó a fhoghlaim ó StoryMap Through Bog & Meadow.
Ábhar léitheoireachta breise
Earwood, C 1989 ‘Radiocarbon dating of late prehistoric wooden vessels’, Iris Seandálaíochta na hÉireann, Iml. 5, 37–44.
(Postáilte, 29 Meán Fómhair 2023)