Atógáil Aghaidhe Seandálaíochta in Éirinn: Ag Bualadh le Sinsear ó Uamhain Bhriste, Co. na Gaillimhe

Le Katherine Beatty, céimí dochtúireachta le déanaí ó Roinn na Seandálaíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Comhtháthaíonn atógáil aghaidhe—ar a dtugtar ionadaíocht, neasúchán nó athbhunú aghaidhe freisin—dianmhodheolaíochtaí eolaíochta chun cuntanós daonna a atógáil le hábhar cnámharlaigh. Is féidir linn an iarracht sin a úsáid agus na haghaidheanna sin chun nasc a chruthú leis an am atá caite. Ar an tslí sin, is féidir linn a thabhairt faoi deara nach bhfuil na daoine a mhair romhainn chomh difriúil linn i ndeireadh na dála.

Tá na modheolaíochtaí atá in úsáid d’athchruthú aghaidhe comhaimseartha ag forbairt ó dheireadh an 19ú haois, i réimsí na heolaíochta fóiréinsí agus seandálaíochta. Mar thoradh ar chomhoibriú domhanda idir cleachtóirí forbraíodh an Scoil Rúiseach, an Scoil Mheiriceánach, agus Modh Mhanchain nó an Modh Comhcheangailte. Is ionann na trí chineál cleachtais sin agus cúlra na naghaidheanna atógtha a fheicimid sa taifead fóiréinseach agus seandálaíochta. Tá a nós imeachta nó bealach atógála féin ag gach modh nó scoil a leagan béim ar chéimeanna difriúla den phróiseas atógála trí chéile. Mar shampla, tarraingíonn an Scoil Rúiseach aird ar struchtúr anatamaíoch na haghaidhe, baineann an Scoil Mheiriceánach tairbhe as doimhneacht fíocháin bhoig, agus baineann Modh Mhanchain tairbhe as struchtúr anatamaíoch scéimreach i dteannta le doimhneachtaí fíocháin bhoig.

Déantar cáineadh ar dhisciplín na hatógála aghaidhe, cáineadh a bhaineann le beachtas na táirgeachta fóiréinsí agus seandálaíochta. Déileáiltear leo sin sa riocht fóiréinseach trí staidéar a chuireann daoine aonair chaillte atá sainaitheanta i gcomparáid lena n-atógálacha fóiréinseacha. Baineann buntáiste féincháinteach leis sin a fheabhsaíonn cleachtas na hatógála aghaidhe.

Tá go leor ábhair chnámharlaigh dhaonna aimsithe agus anailísithe in Éirinn mar thoradh ar líon suntasach tochailtí seandálaíochta a rinneadh mar chuid d’obair forbartha le blianta beaga anuas. Cuireadh ábhar tábhachtach ar fáil mar thoradh ar thochailtí taighde freisin. Soláthraíonn na bailiúcháin sin faisnéis bhithsheandálaíochta, ina bhfuil eolas le fáil maidir le cáilíocht na beatha in Éirinn sa tréimhse réamhstairiúil agus stairiúil. Fiú amháin bunaithe ar an méid taisí daonna seandálaíochta atá ar fáil chun taighde a dhéanamh, ní teicníc a úsáidtear go coitianta í atógáil aghaidhe in Éirinn agus is uirlis í nach bhfuil dóthain úsáide á baint aistí chomh fada is bhaineann le bailiúcháin taisí daonna.

I measc na n-atógálacha aghaidhe seandálaíochta atá déanta d’ábhar cnámharlaigh Éireannach tá:

• Bean ón Tréimhse Neoiliteach Dhéanach/Cré-umhaois Luath as Ballynahatty, Co. an Dúin

• corp portaigh fireann ón Iarannaois ó Chluain Uí Chaomháin, Co. na M

• bean ó Ré na Lochlannach ó Chathair Bhaile Átha Cliath

• fear dícheannta ón tréimhse mheánaoiseach dhéanach ó Ard Mhacha, Co. Ard Mhacha

• Edmund Ignatius Rice (1762–1844), bunaitheoir Bhráithre na Críostaí agus Bhráithre na Toirbhirte

Tá an liosta ag fás go leanúnach fad is atá forbairt á déanamh ar acmhainní agus ar straitéisí teicneolaíocha. Ainneoin nach bhfuil aon ionad bunaithe atá ag díriú ar atógáil aghaidhe in Éirinn, tá ionaid taighde in Ionad Anatamaíochta & Sainaitheanta Daonna Ollscoil Dundee agus Grúpa Taighde Saotharlainne Aghaidhe ag Ollscoil John Moores i Learpholl ag cur go gníomhach leis an taifead atógála aghaidhe, agus ag an am céanna ag soláthar tuartha maidir le fíochán bog do mhodheolaíochtaí an disciplín atá ag éirí níos iontaofa de réir a chéile. Le déanaí, chruthaigh an Grúpa Taighde Saotharlainne Aghaidhe atógáil aghaidhe de chnámharlach fireann ón 15ú –17ú haois a aimsíodh i bhFaiche an Choláiste, Baile Átha Cliath, i rith oibreacha a bhain leis an tionscadal Luas Traschathrach.

Mar chuid de mo thaighde dochtúireachta chuir mé le taifead atógála aghaidhe na hÉireann. I rith mo chuid taighde, le cabhair ó Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, atógadh ceathrar daoine. Baineadh iad ó shamplaí a bhain leis an tréimhse réamhstairiúil agus leis an tréimhse iar-mheánaoiseach. I dteannta leis an atógáil phraiticiúil sin, rinne mé scrúdú ar bhrí agus ar ionadaíocht fhorbarthach na haghaidhe mar a bhaineann sí le taisí bithsheandálaíochta na hÉireann.

Reconstruction of the early medieval cemetery-settlement at Owenbristy, Co. Galway. Drawn by Dan Tietzsch-Tyler.

Atógáil lonnaíochta reilige meánaoisí luaithe ag Uamhain Bhriste, Co. na Gaillimhe. Léaráid le Dan Tietzsch-Tyler.

Mar shampla den obair seo, is mian liom plé a dhéanamh ar 23 cnámharlach a aimsíodh i rith tochailte lonnaíochta reilige meánaoisí luaithe ag Uamhain Bhriste, Co. na Gaillimhe, ar scéim an N18 - an bóthar idir Órán Mór–An Gort. Tochlaíodh an láithreán, a bhí áitithe idir an 5ú agus an 10ú haois AD, faoi stiúir John Lehane Thionscadail Seandálaíochta Eachtra. Aimsíodh an duine, a ainmníodh mar chnámharlach 23, adhlactha laistigh d’uaigh ina raibh leaca i reilig Uamhain Bhriste. Leagtha i dtreo thiar-thoir, an cloigeann ag féachaint siar, agus sínte ar a dhroim, tá comhthéacs marbhlainne an duine seo ag teacht le formhór na gcleachtas adhlactha a bhaineann leis an tréimhse mheánaoiseach luath.

Extract from a plan of the Owenbristy cemetery. Image: Eachtra Archaeological Projects.

Sliocht as plean de reilig Uamhain Bhriste. Íomhá: Tionscadail Seandálaíochta Eachtra

TÚsáideadh Modh Mhanchain chun an atógáil seo a chruthú. Nuair a bhítear ag féachaint ar ábhar cnámharlaigh d’atógáil ar dtús, ní mór anailís a dhéanamh ar na gnéithe cnámharlaigh chun eolas a bhailiú faoi aois, inscne agus cine an duine agus ar an tslí sin ‘ostéibheathaisnéis’ a chruthú. I rith na hanailíse a rinne an seandálaí cnámh, an Dr Jonny Geber, ar bhailiúchán cnámharlaigh Uamhain Bhriste baineadh tairbhe as caighdeáin anailíseacha aosaithe agus inscnithe taisí daonna seandálaíochta. Thug na caighdeáin mhodheolaíochta sin le fios gur duine fásta fireann a bhí ann, idir 35–45 bliain d’aois, le gnéithe Cugasóideacha. Tá an fhaisnéis sin riachtanach chun úsáid a bhaint as marcóirí doimhneachta fíocháin bhoig atá riachtanach don phróiseas atógála. Bunaithe ar an tuiscint go bhfuil an comhdhéanamh anatamaíoch céanna ag daoine faoin gcraiceann, úsáideann cleachtóirí marcóirí cnámharlaigh chun córas matán a mhapáil ar an mblaosc i gcré nó le bogearraí ríomhaireachta. Úsáidtear é sin le marcóirí doimhneachta fíocháin bhoig a leagtar ar phointí comhsheasmhacha ar an mblaosc, agus ansin sainaithnítear agus cruthaítear gnéithe aghaidhe fíocháin bhoig.

Is é bunphrionsabal na hatógála aghaidhe go soláthraíonn an t-ábhar cnámharlaigh sa bhlaosc faisnéis maidir leis an gcuma a bhíonn ar ghnéithe fíocháin bhoig na haghaidhe (súile, srón, béal, cluasa). Tá a méadracht tuartha fíocháin bhoig féin ag gach ceann de na gnéithe sin agus gnéithe cnámharlaigh comhghaolaithe atá freagrach as an gcuma atá orthu. Tá athbhreithniú mionsonraithe orthu sin agus ar na modheolaíochtaí seo a leanas, a dtagairtí, agus tuarascálacha atógála aghaidhe iomlána, le fáil i mo thráchtas dochtúireachta.

Plaster cast of the skull of skeleton 23, with pegged soft tissue depths (a); the completed rendering of the individual’s anatomical structures (b and c); the beginning of the skinning process (d); and the final reconstruction of the male burial from Owenbristy (e and f). Image: Katherine Beatty.

Teilgean plástair de bhlaosc chnámharlach 23, le doimhneachtaí fíocháin bhoig pionnáilte (a); léiriú iomlán struchtúr anatamaíoch an duine (b agus c); tús an phróisis feannta (d); agus atógáil deiridh an adhlactha fhirinn ó Uamhain Bhriste (e agus f). Íomhá: Katherine Beatty..

Is féidir an chuma a bheidh ar na súile agus ar na malaí a thuar bunaithe ar ghnéithe cnámharlaigh iomaire na mala, na logaill (ina bhfuil na meallta súl), agus an t-iomaire srónach. Tá claonadh súile chnámharlach 23 cothrománach a chiallaíonn nach mbeidh an tsúil claonta suas nó síos. Trí úsáid a bhaint as an modh tuartha céanna, tá cuma S-chruthach nó cruinn ar na malaí. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an filleadh súile sa duine seo sa lár, ach d’fhéadfadh sé a bheith fillte go meánach, go lárnach nó go cliathánach.

De bhrí go bhfuil go leor den tsrón déanta d’fhíochán bog nach maireann i gcomhthéacsanna seandálaíochta ach go hannamh, úsáideadh cothromóidí caighdeánacha forbartha ag speisialtóirí atógála aghaidhe éagsúla agus bunaithe ar bhreathnóireachtaí ar ábhar cnámharlaigh fágtha duine, chun meastachán a dhéanamh ar an gcuma a bhí ar phróifíl sróin agus shrónach chnámharlach 23. Tuartar barr na sróine trí aithris a dhéanamh ar chruth oscailte na sróine. Tá eolas maidir le treo na sróine le fáil i ndromlach na sróine, nach mbíonn le fáil i dtaisí seandálaíochta go coitianta. Mar shampla, má tá dromlach na sróine ag féachaint i dtreo na talún, tá an tsrón ag féachaint síos, agus má tá dromlach na sróine ag féachaint i dtreo na spéire, tá srón an duine thíos faoi. Tá dromlach sróine chnámharlach 23 díreach rud a chiallaíonn go bhfuil treo na sróine díreach. Measadh fad na sróine trí úsáid a bhaint as cothromóidí caighdeánacha.

Gné spéisiúil le tuar ba ea an ghné fíocháin bhoig de bhrí go raibh na fiacla an-chaite mar gheall ar ghníomhaíocht i rith a shaoil. Go hiondúil nuair a bhíonn an béal á thuar, tomhaistear fiacla chun eolas a bhailiú faoi thiús na mbeola. Bunaithe ar nádúr seandálaíochta na dtaisí seo, áfach, níorbh fhéidir sonraí cearta a aimsiú ón ábhar cnámharlaigh, agus is teorainn í sin a bhaineann leis an atógáil. Tá mandabal (cnámh géill) an duine seo láidir agus ingearach, le bladhairí ag uillinn an ghéill (mar gheall ar cheangail mhatáin níos deifnídí a bhíonn le feiceáil i bhfir de ghnáth), agus smig shuntasach.

Is obair spéisiúil í aghaidh ón am atá caite a thabhairt chun beochta. Léiríonn an pobal spéis sna hiarrachtaí a dhéantar aghaidh a atógáil ar dhromchla blaoisce agus deis a bhíonn ann chun machnamh a dhéanamh ar sheandálaíocht na tréimhse atá caite. Mar is léir ón atógáil a rinneadh ag Uamhain Bhriste, is táirgí de shaol an duine é an láithreán seo agus na déantáin a aimsíodh ann. Is féidir linn léargas a fháil ar Uamhain Bhriste trí shraith eile den am atá caite mar gheall ar an nasc atá againn leis an aghaidh atá ag breathnú amach orainn. Níl dóthain úsáide á baint as atógáil aghaidhe mar chuid de mhodheolaíochtaí seandálaíochta, ní hamháin ar mhaithe le rannpháirtíocht an phobail, ach chun cur freisin leis an eolas breise atá againn anois faoin taifead bithsheandálaíochta.

Ábhar léitheoireachta breise

Geber, J 2011 ‘Human remains from Owenbristy’, in F Delaney & J Tierney,In the Lowlands of South Galway: archaeological excavations on the N18 Oranmore to Gort National Road Scheme, 88–97. Monagraif Scéim ÚBN 7. An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, Baile Átha Cliath.

Prag, J & Neave, R 1997 Making Faces. Cló Mhúsaem na Breataine, Londain.

Rynn, C, Wilkinson, C & Peters, H L 2009/2010 ‘Prediction of nasal morphology from the skull’, Forensic Science, Medicine and Pathology, Vol. 6, No. 1, 20–34.

Rynn, C, Balueva, T & Veselovskaya, E 2012 ‘Relationships between the skull and face’, in C Wilkinson & C Rynn (eagarthóirí), Craniofacial Identification, 193–202. Cló Ollscoil Cambridge, Nua-Eabhrac.

Sanders, K 2009 Bodies in the Bog and the Archaeological Imagination. Cló Ollscoil Chicago Press, Chicago.

Taylor, K T 2001 Forensic Art and Illustration. CRC Press, Boca Raton, Florida.

Wilkinson, C 2004 Forensic Facial Reconstruction. Cló Ollscoil Cambridge, Cambridge

Wilkinson, C M (forthcoming) ‘The facial analysis of Clonycavan man’, in in Tionscadal Taighde na gCorp Portaigh. Sraith Monagraf Ard-Mhúsaem na hÉireann.

(Postáilte, 07 Meitheamh 2017)