Seandálaíocht á Samhlú Trí Ealaín
Le seandálaithe TII, Mary Deevy, Noel Dunne & James Eogan
Choimisiúnaigh Seandálaíocht & Oidhreacht TII sraith líníochtaí atógála ag deireadh 2013 le cur san áireamh i roinnt foilseachán atá beartaithe a fhoilsiú amach anseo. Ba iad na healaíontóirí J G O’Donoghue agus Dave Pollock a chruthaigh na híomhánna seo a leanas fad is a bhí siad ag obair i ndlúthpháirt le seandálaithe ar saineolaithe iad i ngach ceann de na hábhair léirithe. Tá na léiriúcháin a chuirtear i láthair sna líníochtaí sin bunaithe ar fhianaise seandálaíochta a aimsíodh i rith scéimeanna bóithre a bhí á maoiniú ag TII agus a bhfuil cur síos déanta orthu sna tuarascálacha tochailte teicniúla. Bhain tábhacht le béim a leagan ar dhílseacht don fhianaise thochailte, ach go minic bíonn an taifead seandálaíochta neamhiomlán, áfach. B’éigean, dá réir sin, a bheith cruthaitheach agus na gnéithe nach raibh soiléir ón bhfianaise a aimsíodh ag gach láithreán a shamhlú. Bhí an ‘samhlú’ sin bunaithe ar theoiricí reatha agus ar thaighde neamhspleách ar an méid a d’fhéadfadh a bheith ag tarlú in Éirinn i rith na dtréimhsí éagsúla a bhí á n-imscrúdú. Rinneadh taighde agus scrúdú ar chásanna cosúla náisiúnta agus idirnáisiúnta chun na bearnaí sin a líonadh. Dá ainneoin sin, ag deireadh an lae, b’éigean do na healaíontóirí agus do na speisialtóirí a scileanna agus eolas a úsáid chun sonraí a roghnú chun scéal, ag pointe ama ar leith i saol duine, oibiachta nó áite, a insint.

Baile Uí Chlúmháin, Co. na Mí
5000 BC atá ann. Seiceálann fear a bhfuil éadaí déanta de chraiceann éisc á gcaitheamh aige an ghabháil éis i ngaiste éisc déanta de chaoladóireacht fhite atá díreach ardaithe ó íochtar an locha aige. Suíonn sé síos ar shiúlbhealach simplí a bhfuil na ciseáin greamaithe de. Is tácla feistithe atá sa siúlbhealach freisin dá bhád scaobtha, ainneoin go bhfuil a iníon bailithe léi ann, dearmad déanta aici ar an áit a bhfuil sí fad is atá sí ag spraoi lena bréagán beag i gcruth báid. Tá an lonnaíocht le feiceáil píosa uaithi ar an taobh thall den loch.
Bhí an íomhá seo bunaithe ar cheithre ghaiste éisc adhmaid a aimsíodh i móin, ar imeall locha bhig a bhí ann sa cheantar sa tréimhse Mhéisiliteach (An Chlochaois Láir). Le cois na ndéantán fíorthábhachtach seo aimsíodh rud arb ionann é agus bád scaobtha beag, bréagán linbh seans. Aimsíodh roinnt cuaillí a bhí sáite go domhain sa ghrinneall locha in aice láimhe agus glacadh leis gur siúlbhealach nó tácla feistithe a bhí iontu. Ní raibh mórán mamach mór in Éirinn ag an am seachas faolchúnna, béir agus toirc. Mhair na daoine trí thoirc agus éin a sheilg agus trí plandaí, torthaí agus cnónna fiáine a bhailiú; ach bheadh an-tábhacht ag baint le hiascaireacht ag an am freisin. Tá stair fhada ag cultúir chosúla a bhí ag brath ar éisc freisin, lena n-áirítear Hezhe sa tSín, Ainu sa tSeapáin agus cultúir eile in Alasca, ar éadaí a dhéanamh de chraicne éisc, ar féidir iad a úsáid chun éadaí boga, compordacha, teo, uiscedhíonacha agus marthanacha a dhéanamh.
Aimsíodh an láithreán ag Baile Uí Chlúmháin, Co. na Mí, i rith imscrúduithe seandálaíochta sular tosaíodh ag obair ar Scéim an M3 - an Mótarbhealach idir Cluain Aodha–Tuaisceart Cheanannais. Threoraigh Matt Mossop an tochailt thar ceann Sheirbhísí Comhairleoireachta Seandálaíochta Tta. Rinne an Dr Graeme Warren ó Scoil Seandálaíochta UCD anailís ar na déantáin de scealpóga cloiche ón láithreán agus chuir sé comhairle speisialtóra ar an ealaíontóir, J G O’Donoghue.
Tá tuilleadh faisnéise maidir le gaistí éisc Bhaile Uí Chlúmháin le fáil in Eagrán 2, Eagrán 4 agus Eagrán 8 d’irisSeanda. Tá eolas maidir le gaistí éisc Bhaile Uí Chlúmháin le fáil i leabhar Fintan O'Toole A History of Ireland in 100 Objects.

Eadarchluain, Co. an Longfoirt
Trí mhíle bliain ó shin, thóg pobal a mhair i rith na Cré-umhaoise Déanaí conair adhmaid i bportach. Leag siad lomáin chruinne, caschoillte agus craobhóga ar dhromchla an phortaigh agus shocraigh siad síos iad le pionnaí nó le cuaillí adhmaid fada. Gach cúpla méadar, leag siad oibiachtaí adhmaid sa chonair. Ceann de na hoibiachtaí sin ba ea blocroth fearnóige snasta, ach neamhchríochnaithe. Le fáil freisin bhí slat coill lúbtha agus snoite, cosúil leis an gceann a bhíodh ag barr an mhaide a bhíonn ag bansagart a bhíonn i mbun maoirseachta ar leagan na n-oibiachtaí sa radharc seo.
Bhí an íomhá seo bunaithe ar choimpléasc de chonairí adhmaid nó tóchair a aimsíodh i bportach míntírithe - portach ardaithe oscailte i rith na tréimhse réamhstairiúla. Níl a fhios againn cén fáth ar thóg siad an chonair seo—níor tógadh í díreach chun tír-raon fliuch casta a thrasnú, ach chun rochtain a fháil ar an bportach, ach cén fáth? Díol spéise iad na déantáin agus a bhfeidhm laistigh den chonair freisin. D’fhéadfaí glacadh leo mar fhuíolladhmad a bhí in úsáid chun toirt a chur le bonnsraith na conaire ach tá patrúin shoiléire le tabhairt faoi deara sa tslí ina bhfuil siad leagtha síos, fianaise gur gníomh d’aon turas agus an-struchtúrtha a bhí ann.
Aimsíodh an láithreán ag Eadarchluain, Co. an Longfoirt, i rith imscrúduithe seandálaíochta sular tosaíodh ag obair ar Scéim an N4 - an Seachród idir Dromad - Rúscaigh. Threoraigh Caitríona Moore an tochailt thar ceann CRDS Tta agus chuir sí comhairle speisialtóra ar an ealaíontóir J G O’Donoghue. Foilseofar torthaí na tochailte i sraith Oidhreachta TII go luath.
Tá tuilleadh faisnéise maidir le hoibiachtaí Eadarchluana le fáil in Eagrán 2 agus Eagrán 4 d’iris Seanda.

Raystown, Co. na Mí
An tréimhse mheánaoiseach luath atá ann, thart ar 1,500 bliain ó shin; tá bean scothaosta curtha in uaigh chré shimplí laistigh den reilig imfhálaithe ag croílár a lonnaíochta. Tá sí curtha gar dá sinsir, chomh gar sin go gcuireann a huaigh isteach ar adhlacadh níos túisce a bhfuil a chnámha bailithe le chéile go cúramach agus fágtha ar agus taobh lena corp.
Tá an íomhá seo bunaithe ar lonnaíocht reilige mhór ar iomaire a bhfuil craobh-aibhneacha Abhainn Ghabhra mórthimpeall air, a úsáideadh chun suas le hocht muileann uisce ar an láithreán seo a chumhachtú i rith na meánaoiseanna luatha. Ní a fhios againn céard ba chúis le bás na mná seo, ach is cosúil go raibh aois mhór aici. I ndiaidh anailís a dhéanamh ar a cnámha níor tugadh aon fhianaise ar aon tráma ar leith faoi deara seachas na gnáthrudaí a mbeifí ag súil leo (airtríteas agus oistéapóróis lag) i ndaoine scothaosta agus i ndaoine a raibh saol oibre deacair acu.
Aimsíodh an láithreán in Raystown, Co. na Mí, i rith imscrúduithe seandálaíochta réamhthógála ar an N2 - an Bóthar idir Fionnghlas–Cill Dhéagláin i gCo. Bhaile Átha Cliath agus i gCo. na Mí. Threoraigh Matthew Seaver an tochailt thar ceann CRDS Tta agus chuir sé comhairle speisialtóra ar an ealaíontóir J G O’Donoghue. Foilseofar torthaí na tochailte i sraith Oidhreachta TII go luath.

Baile na Páirce, Co. Chill Mhantáin
Thart ar 1,200 bliain ó shin caitheadh liach chré-umha, a bhí maisithe go deas agus luachmhar, i bportach. Ar caitheadh an liach sa phortach de bhrí go raibh damáiste déanta di? Ar cailleadh an liach nó ar cuireadh i bhfolach í agus é mar aidhm í a fháil am éigin ina dhiaidh sin arís? Nó an bhfuil seans ann gur tairiscint mhóideach a bhí inti? Ní raibh an liach iomlán, ach bhí dóthain iarsmaí ann chun an léaráid atógála seo a dhéanamh. Cuireadh maisiúchán ar fáil tríd an teirminéal cruinneachánach airgid, ionsáiteáin adhmaid (iúr seans) feadh na coise agus mórthimpeall ar an teirminéal agus, go suntasach, bhí cloigne daonna le feiceáil trasna óna chéile ag an dá thaobh den chos.
Seans gurb é an sampla comhthreomhar is fearr aithne liach shíothláin fíona Dhoire na bhFlann, Co. Thiobraid Árann, ón 18ú haois. Glactar leis an gcineál oibiachta seo mar fhorbairt Éireannach, atá bunaithe ar na gréithe a bhíodh in úsáid ag na Rómhánaigh Dhéanacha ina mbailte sa Bhreatain agus ar an Mór-roinn. Is léir gur oibiachtaí tuata agus eaglasta ardstádais urramacha ba ea liacha sa tréimhse Mheánaoiseach luath in Éirinn—agus fianaise eile ar an tábhacht sin ba ea an tslí ar nascadh iad le comhthéacsanna cultúrtha Lochlannacha in Éirinn agus chomh fada ó bhaile le Críoch Lochlann.
Aimsíodh an liach ag Baile na Páirce, Co. Chill Mhantáin, i rith imscrúduithe seandálaíochta do Scéim Feabhsúcháin Bóthair an N11 - an bóthar idir Ráth Naoi agus An tInbhear Mór. Threoraigh Goorik Dehane an tochailt thar ceann Chomhairleoireacht Seandálaíochta na hÉireann Tta. Roinn an Dr Michael Ryan, an Dr Paul Mullarkey, Mary Cahill, Raghnall Ó Floinn agus an Dr Griffin Murray a dtuairimí maidir leis an déantán le Seandálaí TII, Noel Dunne, a chuir eolas ar fáil don ealaíontóir Dave Pollock.

Baile na Coille, Co. Phort Láirge
Tharla an chéad cheann de roinnt mhaith creach Lochlannach a taifeadadh in Annála na hÉireann sa bhliain AD 795 ar Reachlainn, ach cén chuma a bhí ar na laochra scanrúla sin? Trí úsáid a bhaint as fianaise ó uaigh a tochlaíodh ag láithreán lonnaíochta Lochlannach ón 9ú haois ag Baile na Coille, Co. Phort Láirge, shamhlaigh an t-ealaíontóir J G O’Donoghue an chuma a bheadh ar laoch Lochlannach i ndiaidh dó comhairle a fháil ón saineolaí Lochlannach, an Dr Stephen Harrison. Is é seo an chéad uair a bhí léargas cruthaithe de Lochlannach trí úsáid a bhaint as fianaise as Éirinn.
Mar a bheifí ag súil leis, tá an laoch seo láidir, is fear téagartha atá ann, i lár na dtríochaidí seans. Ní bithiúnach atá ann, ceileann a shúile an chlisteacht a bhí mar bhonn leis an rath a bhí ar na Lochlannaigh chomh fada is a bhain le deiseanna a shainaithint agus tairbhe a bhaint astu chun críche trádála agus lonnaíochta ar na tailte ar a mbídís ag triail san ochtú agus sa naoú haois. Is fianaise iad a chuid éadaí agus giuirléidí ar a shaibhreas agus stádas, tá a ghruaig cóirithe agus tá a fhéasóg bearrtha. Tá clóca olla á chaitheamh aige. Tá sé ceangailte ag an ngualainn le pionna fáinneach, maisiúchán éide dúchasach Éireannach a bhíodh á chaitheamh ag Lochlannaigh agus nós a scaip ar fud iarthuaisceart na hEorpa. Tá a thuineach maisithe le bandaí táibléadfhite.
Earraí a raibh an-mheas orthu ba ea na hairm agus na giuirléidí eile a bhí le fáil in uaigh Bhaile na Coille agus, ar ndóigh, earraí a bhí mar bhonn leis an ‘uafás’ a scaip na Lochlannaigh lasmuigh dá n-áiteanna dúchais. Is fianaise iad na hairm freisin, áfach, ar fhairsinge líonraí trádála na Lochlannach agus conas ar éirigh leis na Lochlannaigh ‘teicneolaíocht’ ó chultúir eile a oiriúnú. Tá staidéar déanta ag an Dr Stephen Harrison ar na hairm agus ar earraí uaighe eile agus creideann sé gur bhain an claíomh leis an saol Cairilínseach nó go raibh sé bunaithe ar fhréamhshamhail a bhí bunaithe ar an saol sin. I gcodarsnacht leis sin, is de bhunadh Chríoch Lochlann an ceann sleá agus an ceann tua. Tá an bhocóid scéithe chónúil éagsúil leis na bocóidí scéithe leathsféarúla a bhíodh le fáil i gCríoch Lochlann de ghnáth; seans gur fianaise é an dearadh seo ar theagmháil idir na Lochlannaigh agus an saol Angla-Shacsanach. Tá an claíomh ar crochadh ó chrios leathair. I measc na n-earraí eile atá ar crochadh ón gcrios (clé go deas) tá scian, cloch faobhair (déanta de chineál cloiche as an Iorua seans) agus sparán beag. B’fhéidir go raibh tacar meáchan luaidhe sa sparán a úsáideadh chun trádáil a dhéanamh; díol spéise faoi láithreán Bhaile na Coille é an líon mór meáchan luaidhe Lochlannach a aimsíodh. Is fianaise é an méid sin ar an tábhacht a bhain le trádáil mar ábhar spreagtha suntasach do ghníomhaíocht chreiche agus lonnaíochta na Lochlannach in Éirinn.
Tá bailiúchán mór de dhéantáin ó Bhaile na Coille, lena n-áirítear na hairm ar fad, ar taispeáint go buan in Waterford Treasures s ag Túr Raghnaill, Cathair Phort Láirge. Tá tuilleadh faisnéise maidir le Baile na Coille le fáil in Eagrán 1 agus Eagrán 2 d’iris Seanda.