Ag Díriú ar an Am atá Caite: Saothar Percent for Airt an N22, ‘Cailín Cré-umhaoise’
Le Ed Lyne, Seandálaí Cónaithe Chomhairle Contae Chorcaí
Chuir na meáin, go háitiúil i gContae Chorcaí agus go náisiúnta go deimhin, spéis i nochtadh dealbh na Scéime Per Cent for Art idir Baile Bhuirne agus Bóthar Mhaigh Chromtha, agus go deimhin bhí scéal ar Nuacht RTÉ agus ar shuíomh gréasáin RTÉfaoin scéim seo, agus ar na hardáin meán sóisialta freisin. Ní gá go léireodh daoine spéis i saothair ealaíne phoiblí choimisiúnaithe agus is fianaise í an spéis a léiríodh sna saothair seo ar chaighdeán shaothar ealaíne an ealaíontóra Sarah Goyvaerts, agus an tslí go raibh a saothair bunaithe ar mhiotaseolaíocht áitiúil (‘Áine’) agus ar oidhreacht seandálaíochta (‘Cailín Cré-umhaoise’) chomh maith céanna. Seans gurb é bunsraith áitiúil na hinspioráide an ní is suntasaí agus is cosúil go bhfuil sé ag dul i bhfeidhm ar phobail chúlchríoch an bhóthair nua, agus níos faide ó bhaile fiú. Ainneoin gur rud suibiachtúil é tuiscint ar ealaín, is cosúil gurb iad na saothair ealaíne nua, coimisiúnaithe ag Comhairle Contae Chorcaí agus ag Bonneagar Iompair Éireann (TII), na saothair is mó a thaitníonn le daoine ó nochtadh iad.
An dealbh dar teideal ‘Cailín Cré-umhaoise’ ar an N22, idir Bhuirne agus Bóthar Mhaigh Chromtha (na grianghraif ar fad glactha ag Ronan Spillane, Comhairle Contae Chorcaí).
Ba é Seirbhísí Oidhreachta Rubicon Tta agus TVAS Éireann Tta a rinne na tochailtí seandálaíochta feadh bhealach an N22 nua faoi mhaoirseacht Deirdre McCarthy (Seandálaí Cónaithe, Comhairle Contae Chorcaí) agus Ken Hanley (Seandálaí an Tionscadail, TII). Bhí na himscrúduithe seandálaíochta réamhthógála mar bhonn le thart ar50 láithreán a bhain leis an tréimhse réamhstairiúil agus stairiúil a shainaithint. Cuireadh oibreacha tochailte i gcrích ar go leor fulachtaí fia Cré-umhaoise, mar aon le claiseanna táirgthe gualaigh, cuid de lios, roinnt tiníleacha, agus láithreán suntasach muilinn gar do An Fhothrais. Níor doiciméadaíodh ach clais chréamtha amháin, ag Coill na nGoirtíní, a bhain leis an gCré-umhaois Láir (1600–1100 RC).
An Scéim Per Cent for Art
Nuair a bhí an Scéim Per Cent for Art don N22 á coimisiúnú i bhfómhar 2022, chinntigh Oifigeach Idirchaidrimh Poiblí Chomhairle Contae Chorcaí do thionscadal an N22, Cole Stephens, go raibh breac-chuntas ar fhionnachtana seandálaíocha an tionscadail san áireamh san ábhar cúlra a cuireadh ar fáil d’ealaíontóirí a léirigh spéis sa Scéim. Spreagadh Sarah Goyvaerts, a bhuaigh an coimisiún, i ndiaidh di créamadh Cré-umhaoise a aimsiú i mbaile fearainn Choill na nGoirtíní i rith imscrúduithe seandálaíochta réamhthógála in 2017/2018. Díol suntais is ea as an leathanach téacs amháin a cuireadh ar fáil do na healaíontóirí ina ndearnadh cur síos ar sheandálaíocht na scéime, nach raibh ach líne amháin faoi adhlacadh créamtha na Cré-umhaoise, ach is léir gur chuir Sarah spéis sa mhéid a chonaic sí.
An méid a aimsíodh ag Coill na nGoirtíní
TSainaithníodh an láithreán a bhí neamhaithnid roimhe seo ag Coill na nGoirtíní, i rith trinseála tástála, ar léibheann nádúrtha ar fhána ar aghaidh na gréine de chnoc suntasach os cionn an tSuláin, siar ó thuaidh ó bhaile Mhaigh Chromtha. Sainaithníodh é i dtalamh féaraigh a nglactar leis atá ar ardchaighdeán sa lá inniu ann. Bhí an tochailt (Coill na nGoirtíní 1, Uimh. Chlárúcháin Tochailte E004972) á treorú ag John O’Connor ó Sheirbhísí Oidhreachta Rubicon. San áireamh sna hiarsmaí a aimsíodh bhí dhá chlais réamhstairiúla, ceann ina raibh deascán beag de chnámh dhaonna chréamtha. Ní raibh aon earra uaighe, cosúil le potaireacht, taobh leis an adhlacadh. B’fhéidir gur sil-leagan a leithéid d’ábhar ann ó thús ach gur baineadh é le linn treafa nó gníomhaíochta talmhaíochta eile thar na milliúin blianta.
Go minic, glactar lena leithéid sin de ghnéithe mar adhlacthaí créamtha ‘comharthacha’, sa chás nach ndéantar ach céatadán de thaisí créamtha duine a adhlacadh. Tugadh le fios in anailís a rinne an seandálaí cnámh, Dawn Gooney, go raibh taisí páirteacha níos mór ná duine amháin i gceist, duine a bhí níos sine ná 12 bhliain d’aois. Níorbh fhéidir mórán sonraí eile a bhailiú ó na bloghanna cnáimhe, agus níorbh fhéidir an tslí a bhfuair an duine aonair bás a oibriú amach. Ainneoin gur síleadh gur bean a bhí ann ar dtús, níorbh fhéidir gnéas an duine a oibriú amach go cinnte i ndiaidh anailíse saotharlainne a dhéanamh ar na taisí ganna. I ndiaidh dátaithe radacarbóin a dhéanamh glacadh leis gur bhain na taisí leis an tréimhse idir 1603–1434 RC, thart ar 3,500 bliain ó shin
Tugadh le fios in anailís a rinneadh ar ghualach a fuarthas i gclais chréamtha go raibh crainn darach iomlána leagtha le húsáid sa bhreocharn, fianaise b’fhéidir go ndearnadh iarracht speisialta chun an créamadh a dhéanamh de réir nóis ar leith, agus glacadh le dair mar an fhoinse bhreosla chuí (rud a tugadh faoi deara go coitianta i gcréamadh Cré-umhaoise), agus úsáideadh crainn iomlána. Is fianaise é an próiseas seo ar iarracht shuntasach a bheith á déanamh chun onóir a thabhairt don duine caillte trí nós forordaithe a leanúint, ní díreach úsáid a bhaint as an gconnadh a bhí ar fáil. Ar ndóigh, dónn dair ag teocht ard freisin, rud a chiallaíonn go mb’fhéidir go raibh cúis phraiticiúil ag baint le dair a úsáid mar bhreosla don bhreocharn freisin. Chomh fada is a bhaineann le foinse na gcrann sin, is fiú smaoineamh arís ar ainm an bhaile fearainn, a chiallaíonn ‘adhmad (nó séipéal) na bpáirceanna beaga’, ainm atá le fáil i ndoiciméid siar chomh fada le AD 1619.
Fianaise ba ea na bloghanna cnáimhe an-chréamtha go raibh na daoine a chuir an créamadh i gcrích oilte ar an bpróiseas. B’fhéidir fiú go raibh baill i ngach pobal a bhí ar fáil chun cabhrú nuair a fuair duine éigin bás, daoine a raibh na modhanna a bhí riachtanach chun slán ceart a rá le duine a chur i gcrích. É sin ráite, b’fhéidir gur ghlac an pobal iomlán ról gníomhach éigin sa chréamadh agus sna gnásanna adhlactha gaolmhara. Sa lá atá inniu ann in Éirinn tuigimid na céimeanna atá le cur i gcrích nuair a fhaigheann duine muinteartha bás—an teach tórraimh nó an fhaire, croitheadh láimhe agus barróga, an searmanas reiligiúnach nó tuata, agus an t-aistear chomh fada leis an reilig nó créamatóiriam—i dteannta ár dteaghlach, cairde agus pobal; agus bheadh céimeanna ar leith á leanúint ag pobail Chré-umhaoise freisin nuair a bhí slán á rá acu le ball luachmhar dá dteaghlach—tá compord ag baint leis na nósanna a bhfuil cleachtadh againn orthu.
‘Cailín Cré-umhaoise’—Aghaidh ón Réamhstair
Tá ceann de dhealbha Sarah Goyvaert, ‘Cailín Cré-umhaoise’, bunaithe ar thorthaí tochailt a rinneadh ag Coill na nGoirtíní, agus ainneoin nach bhfuil a fhios againn cén chuma a bhí ar an duine a bhí curtha ansin, tá aghaidh cruthaithe ag Sarah anois a d’fhéadfadh machnamh níos doimhne a spreagadh faoi phearsantacht agus faoi indibhidiúlacht phobal na Cré-umhaoise ar thángthas ar fhianaise maidir leo i rith imscrúduithe seandálaíocha feadh an bhóthair nua. D’fhéadfadh sé a bheith deacair daoine a mhair i bhfad ó shin a shamhlú agus go mbeidís teibí dar linn, ainneoin iarrachtaí is fearr seandálaithe cur síos a dhéanamh air agus brí a bhaint as iarsmaí a saol a n-éiríonn linn a aimsiú.
In ‘Cailín Cré-umhaoise’, tá aghaidh shamhalta ó 3,500 bliain ó shin leagtha taobh leis an mbealach aitheanta idir Corcaigh agus Ciarraí, áit a mbíonn na mílte daoine ag dul thairis gach lá. Is bealach sofheicthe é an dealbh chun ár n-aird a tharraingt ar na daoine a thaistil feadh an bhealaigh seo i bhfad sula rabhamar féin beo. Tugann ‘Cailín Cré-umhaoise’ cuireadh dúinn chun machnamh a dhéanamh ar an daonnacht a roinnimid le daoine a bhí beo romhainn agus is bealach atá ann freisin chun ár n-aird a tharraingt ar an bpointe go raibh grá acu dá chéile agus go mbídís ag déanamh bróin freisin. Spreagfaidh sé daoine áirithe chun díriú ar an bpointe ainneoin gur tharla an t-uafás athruithe ar fud an domhain in imeacht na mblianta fada go bhfuil seans ann nach bhfuil an staid dhaonna chomh difriúil sin.
Glactar le dealbha Sarah Goyvaerts mar chuid den tírdhreach anois, tá siad i measc an tír-raoin charraigigh fhiáin atá taobh leis an mbóthar nua idir Baile Bhuirne agus Maigh Chromtha. Nuair a bhí siad á ndéanamh cuireadh líocha nádúrtha san áireamh ó charraigeacha a aimsíodh i gceantar Bhaile Bhuirne, míniú ar an gcúis go bhfuil siad chomh báúil sin don tír-raon carraigeach mórthimpeall is dócha, agus is fianaise iad a n-ailínithe gréine ar na grianstadanna ar phatrún timthriallach na bliana. Ainneoin go meabhraítear déithe agus sinsir dúinn, tá saothar seandálaithe á gcomóradh freisin dá bharr, agus táthar ag súil go mbeidh gach duine a bhí páirteach sna himscrúduithe seandálaíochta a rinneadh mar chuid den tionscadal bródúil as an aitheantas atá tugtha dá gcuid iarrachtaí.
Tá leabhar le foilsiú amach anseo faoi na hearraí ar fad a aimsíodh mar thoradh ar Fhorbairt an N22 - an Bóthar idir Baile Bhuirne agus Maigh Chromtha, ach is féidir le léitheoirí tuilleadh a fhoghlaim ó StoryMap - Seandálaíocht Fhorbairt an N22 - an Bóthar idir Baile Bhuirne agus Maigh Chromtha, in Iarthar Chorcaí, Éire..
B’fhéidir go mbeadh spéis ag léitheoirí sa tsraith podchraolta dar teidea Céimeanna, Tales and Trails, a chruthaigh Sarah Goyvaerts mar chuid dá tionscadal Per Cent for Art. Tá an tsraith seo á cur i láthair ag Pádraig O Duinnín, a bhíonn i mbun comhrá fad is a bhíonn sé ag taisteal trí Ghaeltacht Mhúscraí, Co. Chorcaí. San eagrán deiridh tugtar deis cainte do Sheandálaí Tionscadail TII, Ken Hanley.
(Postáilte 16 Bealtaine 2024; nuashonraithe 3 Iúil 2024)