'Ga Sí' ó Thuaisceart Ros Comáin

Leis an seandálaí, an Dr Eve Campbell, Réitigh Bhainistíochta Sheandálaíochta, agus an Dr Conor Brady, Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan

Uaireanta, d’fhéadfadh déantán seandálaíochta eolas a roinnt linn maidir le níos mó ná tréimhse amháin atá caite. I rith tochailtí sular tógadh Scéim an N5 - an Bóthar idir Bealach an Doirín agus Scramóg i gCo. Ros Comáin, rinneadh oibreacha tochailte ag breis is 100 láithreán nua. Anseo déanaimid plé ar dhéantán a aimsíodh ag lonnaíocht ón 19ú haois a sholáthraíonn spléachadh ar an gcineál saoil a caitheadh sa tréimhse Mhéisiliteach dhéanach, breis is 6,000 bliain ó shin.

Aimsíodh an déantán, sleanntach breochloiche urla-bhearrtha (uimhir déantáin E5169:12), i mbrablach ó theach lasmuigh, páirtrobáilte, i sráidbhaile Scramóige, sráidbhaile a bhí beo bríomhar roimh an nGorta Mór. Tá an sráidbhaile seo le feiceáil ar an gcéadeagrán de léarscáil sé orlach na Suirbhéireachta Ordanáis (SO) (1838), é ag síneadh feadh bóthair chomh fada le diméin Bhéal na mBuilllí. I ndiaidh an Ghorta Mhóir (1846–52), cosúil le go leor sráidbhailte eile san eastát glanadh an sráidbhaile seo, díbríodh na tionóntaí, agus leagadh na tithe. Bhí an foirgneamh (thart ar 7.4 m x thart ar 4 m ESE–WNW) déanta de bhrablach aolchloiche le moirtéal cré agus bhí fianaise ann go raibh urlár inmheánach déanta de leaca agus púróga garbha. Tá an tuiscint gur cóiríocht ainmhithe atá ann bunaithe ar an méid, leagan amach agus suíomh laistigh den lonnaíocht níos mó .

Map extract showing the village of Scramoge as depicted on the first-edition OS six-inch map

Sliocht as léarscáil ar a dtaispeántar sráidbhaile Scramóige mar atá ar an léarscáil chéadeagráin sé orlach SO (foilsithe in 1838).

Rinneadh an sleanntach idir 6,000 agus 7,000 bliain ó shin i rith na tréimhse Méisilití Déanaí, tráth arbh iad bailiú bianna fiáine agus sealgaireacht géim an príomh-mhodh maireachtála. Bhí sé déanta de bhreochloch bhán theimhneach ar ardchaighdeán, saor ó shalachar nó iniaimh. I bhfianaise mhéid an phíosa (F: 53 mm, L: 36 mm, T: 9 mm), tá seans ann gur iompraíodh an bhreochloch (an t-amhábhar nó an déantán) achar fada agus gach seans ó aillte cailce breochloiche ar chósta thuaidh na hÉireann.

Bhí an sleanntach mór nuair a buaileadh é ó thús agus tá sé neamhghnách i gcomparáid le méid go leor píosaí eile a aimsíodh i láithreáin sa réigiún. Is léir gur buaileadh é óna mháthaircharraig trí úsáid a bhaint as casúrchloch (teicníc an ‘chruachasúir’) mar gheall ar an gcnagbholgán agus an téadan rite bleibeach leideora. Is ionann an cnagbholgán agus iomairín nó bolgán beag sa bhreochloch díreach thíos faoin áit ar bhuail an chasúrchloch an mháthaircharraig, agus léirítear san éadan rite bleibeach an áit ar baineadh píosa beag bídeach de bhreochloch den sleanntach mar gheall ar fhórsa an chasúir nuair a bhí sé á dhéanamh. Ullmhaíodh ardán (nó dromchla buailte) na máthaircharraige go cúramach sular buaileadh an sleanntach. Tá cóiriú feadh íochtair gach taoibh.

The Scramoge flake

Sleanntach Scramóige (grianghraf: John Channing; líníocht: John Murphy)

Is fianaise é nádúr an chnagtha, an t-ullmhúchán a rinneadh roimh é a smiotadh, agus méid an tsleanntaigh féin (ainneoin go bhfuil sé neamhiomlán) gur sleanntach urla-bhearrtha ón tréimhse Mhéisiliteach dhéanach atá ann. Tá píosa suntasach in easnamh ó thaobh amháin. Tá fianaise ag imeall an bhriste go raibh an sleanntach briste in úsáid mar uirlis scríobtha i riocht neamhathraithe. Dá réir sin, gach seans gur tharla an briseadh sa chianaois. Fianaise atá ag teacht leis an tuiscint sin é an paiteanú nó dídhathú ar dhromchla an bhriste, ainneoin nach táscaire iontaofa aoise é, is fianaise atá ann gur tharla an briseadh tamall maith ó shin

Glactar le sleanntach Scramóige mar cheann amháin de dhá dhéantán Méisiliteacha a aimsíodh i rith oibreacha a rinneadh ar an N5. Aimsíodh an dara sleanntach urla-bhearrtha i móin eanaigh ag Gort na Cranncha, agus seans maith go mbíodh sé in úsáid le haghaidh sealgaireachta nó cnuasaithe feadh an imill shaibhir bhogaigh. Tá comhthéacs aimsithe shleanntach Scramóige andifriúil. Is liteach aonair atá ann ó chluichreán an láithreáin, ina raibh déantáin iar-mheánaoiseacha le fáil ann den chuid is mó seachas sin, fianaise ar shaol teaghlaigh. Tá an sleanntach suntasach ar leibhéal amháin de bhrí gur fianaise atá ann go raibh daoine sa cheantar sa Tréimhse Mhéisiliteach Dhéanach, agus is fianaise í caighdeán an tsleanntaigh ar naisc le líonra malartaithe fadachair a shíneann chomh fada le Cósta Aontroma. Is fianaise ar a bheathaisnéis í an bhail úr atá air. Ainneoin gur i mbarrithir a aimsíodh an sleanntach, tá an chuma ar an scéal nach ndearnadh damáiste nó scríobchaitheamh suntasach dó nuair a bhí sé ar dhromhchla nocht nó ag feidhmiú laistigh de chiseal ithreach céachta gníomhach. Tugann sé sin le fios gur objet trouvé (oibiacht diúscartha a aimsíodh trí sheans) é an sleanntach, a baineadh ón áit ar leagadh í ó thús i rith an 18ú nó 19ú haois agus a úsáideadh ina dhiaidh sin mar oibiacht apatrópaech nó mar bhriocht cosantach. Ag féachaint do shuntas na n-uiscebhealaí i rith na Tréimhse Méisilití, seans gur aimsíodh an oibiacht seo i bpurláin Abhainn Scramóige thart ar 200 m ag taobh thiar den láithreán.

The remains of the outbuilding at Scramoge. The lithic was found in rubble overlying the site

Fothracha an tí amuigh ag Scramóg. Aimsíodh an liteach i mbrablach a bhí le fáil sa láithreán (grianghraf: AMS).

Tá eolas ar an úsáid a baineadh as liteach i gcleachtais chosantacha ón tréimhse mheánaoiseach ach tá an méid is mó ar eolas againn faoi seo sa chomhthéacs iar-mheánaoiseach. Glactar le liteach mar chuid de thacar oibiachtaí agus ábhar, lena n-áirítear boinn, codanna de chorp ainmhí, plandaí agus boinn reiligiúnacha, a úsáideadh i gcleachtais apatrópaecha nó chosantacha laistigh den bhaile. Go minic bhíodh siad le fáil i gcreatlach an tí féin (ballaí, díon nó urlár), agus d’fhéadfaí liteach a úsáid i gcóras leighis na ngnáthdhaoine freisin, go háirithe chun ainmhithe a bhí tinn a leigheas. Rinne an seandálaí Marion Dowd scrúdú ar an ábhar seo, agus tharraing sí aird ar thuiscintí na ndaoine gur ‘gathanna sí’ a bhí sa liteach agus ar an úsáid ghaolmhar a baineadh astu chun cóir leighis a chur ar ainmhithe a bhí tinn. Go minic tugadh uisce d’ainmhithe tinne a measadh a bhí buailte ag ‘gathanna sí’ ina raibh liteach, rud a bhí ag teacht le loighic hoiméapatach chóras leighis na ngnáthdhaoine in Éirinn, rudaí a bhí cosúil lena chéile a úsáid chun críche leighis. Tacaíonn suíomh an tsleanntaigh laistigh d’fhothracha tí amuigh dhúchasaigh ina mbíodh eallaigh nó ainmhithe eile á gcoinneáil, seans, leis an tuiscint seo. Mar atá ráite ag Dowd, bhíodh liteach a bhí in úsáid mar gheall ar a chumhachtaí íceacha á choinneáil i gcróite go minic, gar don áit ina mbíodh sé in úsáid.

Tá leabhar le foilsiú amach anseo faoi na hearraí ar fad a aimsíodh i rith Scéim an N5 - an Bóthar idir Bealach an Doirín agus Bóthar Scramóige, ach is féidir le léitheoirí níos mó a fhoghlaim ó StoryMap Through Bog & Meadow.

 

Ábhar léitheoireachta breise

Dowd, M 2018 ‘Bewitched by an elf dart: fairy archaeology, folk magic and traditional medicine in Ireland’, Iris Seandálaíochta Cambridge, Iml. 28, Uimh. 3, 451–73.

Ó Danachair, C 1970 ‘The luck of the house’, Ulster Folklife, Iml. 16, 20–27.

O’Sullivan, A 2017 ‘Magic in early medieval Ireland: some observations from archaeological evidence’, Iris Seandálaíochta Uladh, Iml. 74, 107–17.

Woodman, P C, Finlay, N & Anderson, E 2006 The Archaeology of a Collection: Bailiúchán KeillerKnowles, Ard-Mhúsaem na hÉireann.. Wordwell, Bray.

(Postáilte, 8 Márta 2024)