Tionchar a Laghdú agus Eolas a Mhéadú ag Baile Mhoilin, Lú
Leis an Stiúrthóir Tochailte, Fintan Walsh ó Chomhairleoireacht Seandálaíochta na hÉireann Tta
In 1909, fad is a bhí cnocán, íseal le barr comhréidh á threabhadh i mbaile fearainn Bhaile Mhoilin, díreach ó thuaidh de Bhaile Átha Fhirdhia, d’aimsigh feirmeoir cnámha daonna gan choinne. I ndiaidh tuilleadh imscrúdú a dhéanamh ag an am sin, aimsíodh beagnach 40 cnámharlach a bhí curtha in uaigheanna a bhí gar dá chéile, a bhí clúdaithe le clocha, agus i gceann de na huaigheanna fuarthas roithleán eiteáin (diosca nó oibiacht sféarúil a bhíodh feistithe ar roithleán a úsáideadh nuair a bhíodh snáth á shníomh de láimh). Ba léir ag an am go raibh cuid de reilig mhór a bhain leis an tréimhse mheánaoiseach seans aimsithe ag an bhfeirmeoir. Taifeadadh in imleabhar 1999 d’Iris Seandálaíochta Chontae Lú gur chuir an feirmeoir na taisí daonna nochta i gclais ghairbhéil sa chnocán arís. Níorbh é sin an chéad uair ar sainaithníodh adhlacthaí ansin. Nuair a bhí gairbhéal á thochailt roimhe sin aimsíodh ceithre chnámharlach daonna sa cheantar céanna.
Beagnach 100 bliain ina dhiaidh sin, i rith na gcéimeanna luathphleanála don N52 - Seachród Bhaile Átha Fhirdia, bhí deis ag seandálaithe imscrúdú a dhéanamh ar an láithreán arís (agus ina dhiaidh sin ainmníodh é sa Taifead Séadchomharthaí agus Áiteanna, Uimh. LH014-043). Níor thuig aon duine cé chomh mór is a bhí an reilig, dá bhrí sin, cinneadh suirbhé geoifisiceach a dhéanamh san áit. I ndiaidh an tsuirbhé seo a dhéanamh (déanta ag GSB Tta in 2002) tugadh faoi deara go raibh imfhálú mór ann, le trastomhas de thart ar 40 m, ar bharr an chnocáin. Chomh maith leis sin, mar thoradh ar an suirbhé sainaithníodh gné dhronuilleogach, agus glacadh leis go mb’fhéidir gur fothracha d’fhoirgnimh chloiche a bhí ann.

Deimhníodh i ndiaidh tuilleadh imscrúdaithe a rinneadh trí shraith de chláir thástála seandálaíochta—clár amháin déanta ag Comhairleoireacht Seandálaíochta na hÉireann Tta in 2002 agus clár eile déanta ag Seirbhísí Oidhreachta Rubicon Tta in 2012—go raibh adhlacthaí le fáil laistigh den imfhálú. Chomh maith leis sin, aimsíodh claiseanna ina raibh fianaise de dhó, fianaise ar thionscal seans (e.g. tiníleacha nó miotalóireacht), ag imeall na reilige freisin.
Más féidir, bíonn sé mar aidhm ag seandálaithe láithreáin a chaomhnú in situ (i.e. gan lámh a leagan ar an tseandálaíocht atá sa talamh). Prionsabal comhaontaithe den Chód Cleachtais atá mar bhonn le hobair TII is ea an méid seo a leanas, ‘Ní mór gach iarracht a dhéanamh tionchair dhíreacha ar sheandálaíocht a sheachaint trí impleachtaí deartha agus sábháilteachta bóithre a chur san áireamh, tionchair chomhshaoil agus tionchair agus costais eile’, agus é mar aidhm ‘an tionchar ar láithreáin seandálaíochta aitheanta nó ceantair lena mbaineann poitéinseal seandálaíochta suntasach’ a íoslaghdú. Os a choinne sin, ceanglaíonn beartas náisiúnta, mar atá mínithe i gCreat agus Prionsabail do Chosaint na hOidhreachta Seandálaíochta (foilsithe in1999) an méid seo a leanas, ‘Ba cheart i gcónaí iarracht a dhéanamh tionchair fhorbarthacha ar an oidhreacht seandálaíochta a sheachaint agus ní mór tús áite a thabhairt do chaomhnú in-situ [sic] láithreán agus séadchomharthaí seandálaíochta’. Mura féidir seachaint a chinntiú ‘tá sé riachtanach tairbhe a bhaint as an gcur chuige atá bunaithe ar chaomhnú de réir taifid, i.e. ba cheart tochailt agus taifeadadh seandálaíochta oiriúnach a dhéanamh’. Trí thairbhe a bhaint as na torthaí ón suirbhé geoifisiceach agus ón tástáil seandálaíochta, d’fhéadfaí fairsinge iomlán na reilige agus a himfhálaithe a chinneadh go beacht den chéad uair agus, dá bharr sin, bhí sé mar bhonn leis an mbealach is dealraithí a roghnófar don seachród nua a bhí beartaithe, a bhí deartha chun croílár na reilige tábhachtaí seo a sheachaint. Bheadh tionchar ag an mbealach is dealraithí a roghnófar ar na gnéithe a sainaithníodh ag imeall na reilige agus deis a bhí ann chun tochailt a dhéanamh agus chun teacht ar thuiscint níos fearr ar chuid den láithreán, ar a laghad.
Rinneadh an tochailt i samhradh 2013 agus díríodh ar roinnt gnéithe a sainaithníodh a bhí 100 m ENE ón reilig. Ina dhiaidh sin, ainmníodh an láithreán mar Bhaile Mhoilin 1. Ainneoin nach raibh an méid a d’aimsíomar—díoga, tiníl agus adhlacadh leithlisithe—chomh spéisiúil leis an reilig féin, bhain tábhacht leo sa mhéid is gur bloghanna imeallacha, ach gaolmhara, den reilig seo a bhí iontu.

Ba é an príomhrud a aimsíodh i rith na tochailte an t-adhlacadh leithlisithe, ar glacadh leis mar asluiteach de chuid reilig Bhaile Mhoilin. Tá sé sin tábhachtach de bhrí gurb é an t-aon adhlacadh laistigh de, nó gar don reilig seo atá tochailte go seandálaíoch agus atá dátaithe go heolaíoch. Bean óg a bhí ann a bhain leis an tréimhse AD 437–639. Tá an dáta seo comhsheasmhach le dátaí atá luaite le láithreáin lonnaíochta reilige ón tréimhse mheánaoiseach luath in Éirinn; seans gur sampla den chineál seo láithreáin é reilig Bhaile Mhoilin (féach thíos). Mar chuid den phróiseas dátaithe radacarbóin rinneadh anailís ar luachanna iseatóip carbóin agus nítrigine den sampla (fiacla) a cuireadh ar fáil. Is fianaise iad na torthaí sin ar bhia aiste measctha rud a mbeifí ag súil leis don tréimhse seo, le béim áirithe ar bhia mara.

Níl sé neamhghnách tiníleacha agus gnéithe miotalóireachta a fháil gar do reiligí ón tréimhse mheánaoiseach luath agus aimsíodh sampla iontach de thiníl a úsáid chun gránach a thriomú anseo. Ba leis an tréimhse AD 566–649 a bhain an tiníl, beagán i ndiaidh na tréimhse inar taifeadadh ‘buaicthréimhse’ tiníleacha in Éirinn i rith an 6ú haois. Bhí an bhuaicthréimhse sin ag teacht le tréimhse ina raibh an aeráid ag éirí níos fliche agus seans go raibh baint ag dhá bhrúchtadh bholcánacha mhóra a tharla in AD 536 agus AD 540 leis seo freisin.
Bhí gualach agus luaithreach le fáil i mbabhla tine na tiníleach (an áit ar lasadh an tine chun na gráinní a théamh), agus is ag an taobh ó thuaidh a bhí an babhla sin le fáil. Seans go raibh múchán in úsáid ina raibh silteán éadomhain, mírialta a bhí ag dul sa treo thiar-thoir. Aimsíodh na céadta gráinní dóite ó na samplaí de na hithreacha dóite a fuarthas ón tiníl sin. I ndiaidh anailís a dhéanamh ba léir go raibh an tiníl seo in úsáid go príomha chun eorna a thriomú agus, díol spéise is ea gur cosúil go raibh móin in úsáid—i dteannta le gualach coill agus sailí—mar bhreosla chun é a lasadh.

San áireamh sna díoga a taifeadadh ag Baile Mhoilin 1 bhí draein líneach mhór (a bhain leis an tréimhse AD 442–543), a bhí ag dul chomh fada le tobar a bhí cosúil le tobar nádúrtha ag croílár an láithreáin tochailte, agus díog líneach (a bhain leis an tréimhse AD 601–662) ar glacadh leis mar iarsma de dhíog pháirce. Bhain díog eile, ar a raibh cruth cuarlíneach, leis an tréimhse AD 425–550. Bhí an díog, neamhchosúil leis na díoga eile, gearrtha go rialta agus beagnach leathchiorclach, agus d’fhéadfaí glacadh leis mar dhíog fháinneach pháirteach/theasctha. (Is imfháluithe beaga iad díoga fáinneacha a luaitear le hadhlacthaí réamhstairiúla agus is iarsmaí de dhumhaí adhlactha cré treafa ar a dtugtar tulacha iad go leor acu.) Aimsíodh cnámh dhóite ón líonadh sa díog seo ach níorbh fhéidir í a shainaithint nó b’fhéidir gur cnámh ainmhí a bhí inti. Dá réir sin, tá éiginnteacht ag baint le léirmhíniú na gné seo.

Ní raibh aon fhianaise ón tochailt nó ó thorthaí an tsuirbhé gheoifisicigh a thug le fios gur cuid d’aon ghné imfhálaithe a bhain leis an reilig ba ea na díoga sin. Tá cuid acu, áfach, ag teacht le nó ag meaitseáil gnéithe líneacha sainaitheanta i rith an tsuirbhé gheoifisicigh agus b’fhéidir nach bhfuil iontu ach iarsmaí de dhíoga/de dhraenacha páirce i dtimpeallacht ghinearálta na reilige.
Caitheann torthaí an tsuirbhé gheoifisicigh agus na tochailte ag Baile Mhoilin solas nua ar láithreán reilige tábhachtach agus soláthraíonn siad sonraí seandálaíochta luachmhara ar féidir iad a chur i gcomparáid le láithreáin eile a bhain leis an tréimhse sin. Bunaithe ar na torthaí sin, d’fhéadfaimis a mholadh gur lonnaíochtaí reilige iad na láithreáin seo, a bhfuil go leor acu aimsithe in Éirinn sular cuireadh tús le hoibreacha tógála bóithre. Sholáthair na láithreáin seo—ina raibh adhlacadh agus lonnaíocht ag tarlú taobh le taobh—reiligí do phobail thuata sa tréimhse roimh an 8ú haois AD, tráth a raibh smacht iomlán ag an Eaglais ar dheasghnátha adhlactha in Éirinn faoi dheireadh.
(Postáilte ar dtús ar an 1 Nollaig 2014; nuashonraithe an 16 Feabhra 2016)