Tochailt Claise Neoilití i gContae Chiarraí

Le Kerri Cleary agus John Olney ón Aonad Seirbhísí Comhairleoireachta Seandálaíochta

I mí na Samhna 2017, tochlaíodh dhá bhraisle de chlaiseanna i mbaile fearainn Chill Cholmáin, díreach siar ó dheas ó Bhaile an Mhuilinn, Co. Chiarraí, sular cuireadh tús leis an obair thógála a bhain le Scéim Feabhsúcháin Cor an N70 - Cill Doire. Bhí an tochailt á treorú ag John Olney don Aonad Seirbhísí Comhairleoireachta Seandálaíochta (ACSU) thar ceann Réitigh Bhainistíochta Sheandálaíochta (AMS). Bhí an ceantar seo laistigh de Dhiméin Chill Cholmáin roimhe seo, Diméin a bhí faoi úinéireacht theaghlach Godfrey ó lár an 17ú haois anonn, ceantar a bhí faoi réir dianoibreacha curaíochta, tírdhreachaithe agus draenála talmhaíochta. I bhfianaise na pailmseiste aitheanta gníomhaíochta ag an suíomh seo, tugadh roinnt torthaí spéisiúla faoi deara i ndiaidh roinnt díog a aimsiú i gceantar atá breac le díoga agus draeanacha páirce iar-mheánaoiseacha.

Plan of Neolithic pit clusters at Kilcoman 5, County Kerry by ACSU

Plan of Neolithic pit clusters at Kilcolman 5 (ACSU)

Suite sa chuid thuaidh den láithreán bhí seacht gclais, clais chuaille agus poll cuaille amháin, agus thart ar 16 m soir ó dheas bhí an dara braisle, ina gcuimsítear sé chlais. Bhí cúig chlais sa bhraisle ó dheas an-ghar dá chéile, i gcruth leathchiorclach le trastomhas de 3.2 m oscailte ó dheas, agus bhí an séú clais díreach taobh thiar. Bhí na claiseanna sa dá bhraisle thart ar an méid céanna (0.93 m ar fad ar an meán) agus is cruth fochiorclach a bhí orthu ar an bplean agus bhí fánaí deasa comhréidhe le feiceáil freisin, cuasach le bonn comhréidh, agus bhí siad 0.08–0.29 m faoin talamh. Sna claiseanna ar fad, bhí líonadh amháin i sé chlais, bhí dhá líonadh i sé chlais eile, agus bhí trí líonadh i gclais amháin sa bhraisle ó thuaidh.

Bhí an líonadh ar fad an-chosúil, bhí sioltchré ina raibh gualach le fáil ann, le go leor iniamh de chlocha beaga, sliogáin cnónna coill gualaithe agus cnónna iomlána. Rinne an speisialtóir adhmaid, an Dr Lorna O’Donnell, anailís ar an ngualach agus chinn sí gur dair den chuid is mó a bhí ann agus go raibh méid beag coill agus beithe le fáil ann freisin. Chomh maith leis sin, bhí méideanna beaga de shaileach, cuileann agus adhmad torthaí prabhaithe le fáil i roinnt claiseanna laistigh de gach braisle freisin (fianaise ar chaorthann nó sceach gheal b’fhéidir). Le fáil i ngach clais sa bhraisle ó dheas agus i gcúig chlais sa bhraisle ó thuaidh bhí iarsmaí de chnónna coill, idir díreach cúpla píosa sliogáin agus 22 cnó iomlán agus 291 píosa sliogáin i gclais amháin sa bhraisle ó thuaidh.

Hazelnut shell fragments from a pit in the southern cluster (David Stone)

Píosaí de shliogán cnó coill ó chlais sa bhraisle ó dheas (David Stone)

Aimsíodh dhá shlige photaireachta bheaga agus caite ón líonadh tánaisteach claise sa bhraisle ó thuaidh. Thug na speisialtóirí potaireachta, an Dr Eoin Grogan agus Helen Roche, le fios gur earraí babhla cairiníte iad sin, ó shoitheach amháin seans. Is iad babhlaí cairiníte an cineál potaireachta Neoilití is túisce a aimsítear in Éirinn, agus baineann an dátú atá déanta go dtí seo leis na tréimhse idir thart ar 3900–3600 BC. Bhí dáta radacarbóin beagán níos déanaí, 3628–3358 BC, luaite le píosa sliogáin cnó coill a aimsíodh sa chlais seo. Is fianaise í cuma scoilte agus scríobtha na potaireachta go mb’fhéidir go raibh sí briste i gcomhair tréimhse fhada ama agus cuimsithe in ábhar dramhchairn (dramhaíl tí) a bhí carntha ag an láithreán.

Sherd of carinated bowl pottery (Ian Russell, ACSU)

Slige de bhabhla potaireachta cairiníte (Ian Russell, ACSU)

Ón gclais ó dheas, aimsíodh coirnín cloiche beag, ciorclach le poill ina lár ón bpríomhlíonadh de chlais amháin, agus aimsíodh cuimilteán gaineamhchloiche/cloch chasúir ón líonadh tánaisteach i gclais eile. Bhí dáta radacarbóin de 3639–3379 BC luaite le píosa sliogáin cnó coill a aimsíodh sa líonadh céanna leis an gcoirnín. Bhí an geoisheandálaí, an Dr Stephen Mandal, den tuairim go bhfuil seans maith ann gur aimsíodh na hamhábhair don choirnín (sceall) agus don chuimilteán/cloch chasúir (gaineamhchloch) sa cheantar áitiúil. Is ornáid phearsanta atá sa choirnín, ornáid a d’fhéadfaí a cheangal le héadach nó a chaitheamh mar mhuince nó bráisléad seans, le coirníní eile ar dtús b’fhéidir, agus b’fhéidir go raibh an cuimilteán/an chloch chasúir in úsáid do mheilt, brú, bualadh nó casúireacht, b’fhéidir fiú chun na cnónna coill a oscailt.

Shale disc bead (Ian Russell, ACSU)

Shale disc bead (Ian Russell, ACSU)

Cleachtas coitianta in Éirinn i rith na luath-thréimhse Neoilití ba ea tochailt agus sil-leagan claise, agus is léir go bhfuil meascán d’ábhar cultúrtha le fáil i samplaí tochailte—smionagar breochloiche, cinn tua chloiche, potaí iomlána agus neamhiomlána, cnó coill dóite agus iarsmaí plandaí, gualach, cloch dhóite, cnámha ainmhithe agus daoine. Dá réir sin, is ionann an tochailt ag Cill Cholmáin 5 agus bealach tábhachtach chun cur lenár dtuiscint ar an réigiún seo de Chontae Chiarraí thart ar 5,500 bliain ó shin. Beagán soir ó thuaidh ó Bhaile an Mhuilinn, tá dhá thuama mheigiliteacha— tuamaí ursanacha seans—taifeadta i mbaile fearainn Chill an Chlocháin agus seans go raibh gníomhaíocht ar siúl ag Cill Cholmáin fad is a bhí na tuamaí sin in úsáid. Lena chois sin, rinneadh tochailtí ag ráth Lios an Uisce, ag an taobh ó dheas de Chill Cholmáin 5, á stiúradh ag Ed Lyne agus ar thionscadal bhóthar an N70 freisin, agus aimsíodh ceann saighde duilleach breochloiche i sean-sainchiseal barrithreach a bhí caomhnaithe faoi bhruach an rátha. Gach seans go mbaineann an déantán seo leis an tréimhse Neoiliteach luath agus go mb’fhéidir gur chaill duine éigin é a bhí ag seilg i gceantar faoi uisce a mheall ainmhithe a bhí ag cuardach uisce.

Bhí an láithreán ag Cill Cholmáin 5 suite idir An Leamhain, a shníonn trí Chill Orglan go dtí an ceantar siar ó dheas, agus An Mhaing, a shníonn trí Chaisleán na Mainge i dtreo an oirthuaiscirt. Suite thart ar 55 m os cionn leibhéal na farraige, díreach faoi chírín iomaire soir-siar os cionn urláir ghleanna, bhí radhairc mhaithe le fáil ón suíomh ar an tírdhreach mórthimpeall ó thuaidh agus bheadh tairbhe bainte as raon acmhainní nádúrtha a bhí ar fáil in aice láimhe, ó na haibhneacha agus ón gcoillearnach.

Aerial view of landscape around Kilcolman 5 before excavation, looking east (Ian Russell, ACSU)

Amharc ón aer ar an tírdhreach mórthimpeall ar Chill Cholmáin 5 roimh an tochailt, ag féachaint soir (Ian Russell, ACSU)

Tugann na braislí claise seo le fios, ina bhfuil déantáin, dramhbhia agus fuíll ó fhoinsí breosla le fáil, go bhfuil fothracha láithreáin lonnaíochta ann a bhí in úsáid sa tréimhse Neoiliteach níos luaithe, nuair is dócha go raibh grúpaí sóisialta beaga, scaipthe ina gcónaí ar fud na hÉireann. Tugann modh eagraithe stua na gcúig chlais sa bhraisle ó dheas agus clais chuaille agus poll cuaille sa bhraisle ó thuaidh le fios go raibh na ceantair seo ar foscadh ar bhealach éigin, ag foirm struchtúrtha nach bhfuil mórán fianaise uirthi sa taifead seandálaíochta. Tugann an líonadh éagsúil i ndíreach breis is leath de na claiseanna le fios go mb’fhéidir go raibh siad in úsáid thar thréimhse shuntasach ama, agus is fianaise é comhdhéanamh an líonta go mb’fhéidir nach ndearnadh iad a aislíonadh go hiomlán ach nuair a tréigeadh an láithreán. Dá réir sin, tugann na claiseanna a aimsíodh ag Cill Cholmáin léargas éigin ar an ngníomhaíocht ag scála beag a bhí ag tarlú anseo sa tréimhse Neoiliteach luath, tráth a raibh na tuamaí meigiliteacha ag Cill an Chlocháin in aice láimhe in úsáid mar phointe fócais don phobal Neoiliteach trí chéile freisin.

Tá tuilleadh eolais maidir leis na láithreáin ar fad a tochlaíodh sular tosaíodh ag obair ar Scéim Feabhsúcháin Cor an N70 - Cill Doire, le fáil sa scéim StoryMap From Milltown’s first farmers to landed gentry.

(Postáilte, 16 Samhain 2020)