Áitíocht agus Deasghnáth Réamhstairiúil in Carroweighter, Co. Ros Comáin

Le Shane Delaney ó Sheandálaíocht IAC

I measc na n-earraí a fuarthas fad is a bhí imfháluithe agus gnéithe gaolmhara á dtochailt in Carroweighter, Co. Ros Comáin bhí potaireacht agus adhlacthaí créamtha Cré-umhaoise, fianaise ar ghníomhaíocht thionsclaíoch éadrom Iarannaoise, agus taisí aosaigh fhirinn ciorraithe i mbaile fearainn Carroweighter, Co. Ros Comáin.

Sainaithníodh ceithre láithreán trí shuirbhé geoifisiceach a rinneadh sa bhaile fearainn in 2011; rinneadh iad sin a thochailt idir Meán Fómhair 2017 agus Márta 2018, agus Seandálaíocht IAC (IAC) a bhí i mbun na hoibre thar ceann Chomhairle Contae Ros Comáin agus TII mar chuid de Thionscadal Ailínithe an N60 - Bóthar Óráin a bhí ann. Bhí na láithreáin suite ar chírín cnoic ísil i dtírdhreach tuaithe le daonra scaipthe ina raibh neart talamh feirme oscailte. Suite sa tírdhreach seo tá roinnt séadchomharthaí seandálaíochta taifeadta; tá cuid acu réamhstairiúil ach baineann a bhformhór le gníomhaíocht eaglasta a tharla sa chéad mhílaois AD. Is ionann láithreán Carroweighter agus micreacosma den ghníomhaíocht sin, a léiríonn—mar is nós leis— leanúnachas na háitíochta ón gCré-umhaois, go dtí an Iarannaois agus chomh fada leis an tréimhse mheánaoiseach luath.

Aerial view of Carroweighter 1–4 under excavation in the middle foreground, with the Oran ecclesiastical site (enclosed by a line of mature trees) at top right (looking south) (Photo: IAC Archaeology).

Amharc ón aer de Carroweighter 1–4 á thochailt sa tulra láir, agus láithreán eaglasta Óráin (laistigh de líne de chrainn fhásta) in uachtar ar dheis (ag féachaint ó dheas) (Grianghraf: Seandálaíocht IAC).

 

Cuimsítear in Carroweighter 1–4 dhá bhraisle de ghnéithe atá gar dá chéile; Láithreán 1 agus Láithreán 3 in aice le teorainn thiar an cheantair tochailte, agus Láithreán 2 agus Láithreán 4 in aice leis an teorainn thoir. Tá na láithreáin déanta d’imfháluithe neasfháinneacha suntasacha le grúpaí de ghnéithe gearrtha níos lú—cosúil le claiseanna, tiníleacha, poill chuaillí, loirg chuaillí agus gearrthacha bunsraithe—taobh istigh agus taobh amuigh.

Ba í an ghné ba shuntasaí inar cuimsíodh Carroweighter 1 (Taifead na Láithreán agus na Séadchomharthaí Uimh. RO034-112001) imfhálú díge le trastomhas 28 m le bealach isteach cabhsa ar an taobh thoir. Ag taobh an bhealaigh isteach bhí poill chuaillí agus loirg chuaillí arb ionann iad agus rochtain gheataithe ar an láithreán. Ba í an ghné ba luaithe ag láithreán Carroweighter 1 adhlacadh créamtha ón gCré-umhaois Dhéanach ina raibh beirt daoine ar a laghad (bhí dáta radacarbóin de 1191–924 BC luaite le bloghanna blaoisce ceann amháin díobh) ag lár an imfhálaithe. Cuimsítear sa dáta radacarbóin (8ú - 5ú haois BC) earraí a aimsíodh i dtaiscí ísle agus láir laistigh den díog imfhálaithe a bhaineann leis an tréimhse i bhfad níos déanaí ná an tréimhse inar ndearnadh an créamadh; seans gur tógadh an t-imfhálú thart ar an adhlacadh créamtha a bhí ann cheana féin, ach is é an rud is dealraithí gur cuireadh na taisí daonna créamtha isteach i lár an imfhálaithe i rith na n-oibreacha tógála mar chuid de shil-leagan bunsraithe a bhí eagraithe go cúramach.

Clockwise from top left: Carroweighter 4, Carroweighter 3, Carroweighter 1 and Carroweighter 2 (Photo: IAC Archaeology).

Ar deiseal ón mbarr ar chlé: Carroweighter 4, Carroweighter 3, Carroweighter 1 agus Carroweighter 2 (Grianghraf: Seandálaíocht IAC).

 

Ba sa díog imfhálaithe ag Carroweighter 1 a fuarthas 99% den chnámh ainmhí ón láithreán. Ba le tréimhse na hIarannaoise Luaithe (795–543 BC) a bhain blogh ó lár na díge agus is cosúil go raibh an díog imfhálaithe in úsáid mar dhumpa go gairid i ndiaidh na hoibre tógála. I measc na n-earraí eile a aimsíodh sa díog bhí sligí de photaireacht tí, seirt, riailít, breochloch, grianchloch agus cloch líofa (glactar leis go bhfuil ceann tua dolairíte snasta Neoiliteach ó líonadh uachtair ionsáiteach) a bhain leis an gCré-umhaois Láir - Dhéanach.

Taifeadadh dhá struchtúr taobh istigh den imfhálú: teach cruinn tógtha le poill chuaillí agus loirg chuaillí, le póirse a bhí dírithe ar an mbealach isteach chuig an imfhálú, agus struchtúr ceithre chuaille dronuilleogach ag an taobh thoir. Bhí trastomhas an tí thart ar 5 m agus bhain sé leis an tréimhse 787–490 BC. Taifeadadh claiseanna, mar aon le loirg chuaillí agus poill chuaillí, a bhí in úsáid chun limistéir taobh istigh a roinnt agus chun tacú le díonta, laistigh den teach, ach níor sainaithníodh aon tinteán. Gach seans gurb ionann an struchtúr ceithre chuaille agus iarsmaí struchtúir thacaíochta a bhí tógtha os cionn claise éadoimhne, fochiorclaí. Seans go raibh sé sin in úsáid chun bia a phróiseáil nó a chócaráil, nó b’fhéidir gur ardán gráinsí a bhí ann.

Leag thart ar 14 m soir ón imfhálú an trinse imfhálaithe do theach cruinn ina raibh trastomhas 8 m. Ainneoin nach bhfuil dáta eolaíochta luaite leis, fuarthas déantáin sa teach cruinn a bhí cosúil leo sin ón díog imfhálaithe, lena n-áirítear potaireacht tí ón gCré-umhaois Dhéanach agus cloch líofa, agus is dócha gur leis an tréimhse chomhaimseartha a bhaineann sé.

Bhí Carroweighter 3 (RO034-112003) díreach ó dheas ó imfhálú Carroweighter 1 agus ní raibh an láithreán chomh soiléir céanna. San áireamh ann bhí dhá thiníl, 33 clais, ocht lorg cuaillí agus dhá pholl chuaillí scaipthe i gceantar a bhí thart ar 85 m (soir–siar) x 12 m. Is léir ó dhátaí radacarbóin go raibh gníomhaíocht sa taobh ó dheas den imfhálú ag tarlú idir an Chré-umhaois Láir (ba é 1407–1233 BC an dáta a bhí luaite le ceann de na claiseanna) agus an Iarannaois (bhain clais eile ina raibh loirg chuaillí agus poill chuaillí leis an tréimhse idir 412–257 BC) agus leis an tréimhse mheánaoiseach luath (bhain ceann de na tiníleacha leis an tréimhse idir AD 409–540).

Carroweighter 2 and 4

Ainneoin go raibh siad tochailte agus taifeadta mar láithreáin ar leith, is gearr gur aithníodh go raibh Carroweighter 2 (RO034-112002) agus Carroweighter 4 (RO034-112004) dlúthghaolta lena chéile. Díreach cosúil le Carroweighter 1, i ndiaidh na dtochailtí ag an dá láithreán seo tugadh gníomhaíocht faoi deara a bhain leis an tréimhse idir an Chré-umhaois Láir agus an Iarannaois Dhéanach.

CIs díog imfhálaithe chiorclach mhór ba ea Carroweighter 2, ag a raibh trastomhas de 24.5 m, agus bhí 50% de ag síneadh ó thuaidh agus lasmuigh den limistéar tochailte. Seans gurb ionann an ghné seo agus iarsmaí tulaí. Bhí Carroweighter 4 díreach ó dheas agus is éard a bhí ann ná imfhálú ón gCré-umhaois Láir a bhí barrscoite go suntasach ag athghearradh agus ag gníomhaíocht ghaolmhar i rith na hIarannaoise. Is ionann an ghníomhaíocht seo ón gCré-umhaois Láir—a bhaineann leis an tréimhse idir 1740–1535 BC—agus an ghníomhaíocht is túisce a rinneadh ag an dá láithreán sin. Beagán ina dhiaidh sin—idir an Chré-umhaois Láir agus Dhéanach, 1393–1135 BC—forbraíodh stua páirteach de struchtúr is dócha a bhí laistigh de ghné ghearrtha fhochiorclach éadomhain (ag an taobh thiar d’imfhálú Carroweighter 2) a d’fhéadfadh ionadaíocht a dhéanamh do theach cruinn a bhí cosúil leis an teach a bhí le fáil ag an taobh thoir de Carroweighter 1.

I rith na tréimhse 738–392 BC, créamadh aosach aonair, ní raibh inscne an duine ar eolas, agus cuireadh cainníocht chomharthach den chnámh i gclais. Bhí an chlais chréamtha seo i lár na díge imfhálaithe chiorclaigh mhóir inar cuimsíodh—faoi 354–108 BC—an ghné is suntasaí ag Carroweighter 2. Mar aon le cnámh ainmhí, dumpáladh corp neamhdhóite, ciorraithe aosaigh fhirinn (360–114 BC) ag íochtar an ghearrtha sin. Léirigh anailís a rinneadh ar iseatóip óna fhiacla agus cnámha nach duine de bhunadh an réigiúin a bhí ann, gur thaistil sé chomh fada leis an réigiún mar leanbh níos sine ó oirthear na hÉireann nó ón mBreatain b’fhéidir. Is fianaise é an bealach ar cailleadh é, lena n-áirítear gearradh a chois chlé ag nó gar dá am báis, agus dumpáil easurramach a choirp sa díog oscailte ar chóireáil phionósach, i gcomhair cion sóisialta nó polaitiúil measta b’fhéidir

Níor tháinig aon bhruach ag Carroweighter 2 slán, ainneoin i rith chéim na hIarannaoise ag Carroweighter 4 (díreach ó dheas) gur léiríodh meas ar líne na díge, agus fágadh maolán de thart ar 5 m ag taobh amuigh. Tugann sé sin le fios go raibh bruach seachtrach ag Carroweighter 2 tráth. Bhí díog Carroweighter 2 go hiomlán aislíonta faoin dara nó tríú haois AD, agus níor taifeadadh aon fhianaise ar ghníomhaíocht ina dhiaidh sin ag na láithreáin sin.

The adult male burial in the ditch at Carroweighter 2 (Photo: IAC Archaeology).

Adhlacadh an aosaigh fhirinn sa díog ag Carroweighter 2 (Grianghraf: Seandálaíocht IAC)

 

Bhí gníomhaíocht ar siúl ag láithreáin Carroweighter i gcomhair tréimhse shuntasach ama. Taifeadadh áitíocht tí Chré-umhaoise ag Carroweighter 1, 2 agus 4, agus bhain gníomhaíocht ar cosúil gur ghníomhaíocht dheasghnách í le tréimhse ama réasúnta gearr i rith na hIarannaoise ag Carroweighter 2 agus 4. Is fianaise í an fhéidearthacht go raibh an dá imfhálú, ainneoin go raibh dátaí difriúla luaite leo, bunaithe ar adhlacthaí créamtha bunaithe, ar leanúnachas nasc sinsearach ag áit bhailithe áitiúil (roimh áit tionóil shinsearach ar a tugadh óenach as Gaeilge b’fhéidir). Trí phobal eaglasta a bhunú ag Órán (RO034-080)—díreach 150 m ó dheas de na láithreáin sin— b’fhéidir go ndearna an Eaglais iarracht cuid dá gradam gaolmhar a oiriúnú. Ar an drochuair, níl mórán ar eolas faoin gcoimpléasc mainistreach luath seo. D’fhorbair an láithreán eaglaise meánaoisí luaithe seo mórthimpeall ar thobar beannaithe (RO034-080010) a bhfuil naisc aige le Naomh Pádraig agus le Lughnasa. Uran Garadh (Uarán nGarad) a thugtar ar an láithreán seo mar aon le Uran O’Clabaigh, nó ‘tobar O’Claggy’. Tá an láithreán eaglaise seo (RO034-080001) páirteach i mbraisle d’fhothracha eaglasta luatha—lena n-áirítear reilig (RO034-080002), cloigtheach (RO034-080003) agus dhá chréfort (RO034-080005 agus Ro034-080014)—a scriosadh tráth ar cuireadh síneadh leis an reilig nua-aimseartha. Tá neart láithreán lonnaíochta meánaoiseacha agus meánaoiseacha luatha le fáil sa cheantar, fianaise gur leanadh ar aghaidh le béim a leagan ar Carroweighter mar ionad áitíochta agus gníomhaíochta i rith na dtréimhsí sin.

Tá níos mó faisnéise faoi na gnéithe agus déantáin sheandálaíocha a fuarthas i rith na scéime le fáil sa tuarascáil tochailte deiridh do gach láithreán agus is féidir teacht ar an tuarascáil sin i mBailiúcháin Oidhreachta Digití TII. TII Digital Heritage Collections.

 

Ábhar léitheoireachta breise

Tobin, M, McIlreavy, D, Moore, J and Montgomery, J 2022 ‘Punishment in the Iron Age? A case study from Carroweighter, Co. Roscommon’, Iris Seandálaíochta na hÉireann, Iml. XXXI, 7–26.

(Postáilte, 15 Bealtaine 2023)