Scoláirí agus Cnámharlaigh: Ceardlann Músaeim maidir leis an Saol in Éirinn sa Tréimhse Mheánaoiseach Luath
Le Seandálaí TII, Martin Jones

I ndiaidh fáilte a chur romhainn ag an deasc fáiltithe agus muid a thabhairt tríd na sluaite, dianscrúdú á dhéanamh ar na déantáin ar fad a bhí ar taispeáint ar an mbealach, chuamar isteach i seomra príobháideach in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, agus d’éirigh linn teacht ar thuiscint ar shaol laethúil lucht an rachmais. Ag an tráth seo—ar a laghad—ní polaiteoirí cumhachtacha, lucht spóirt a raibh cáil idirnáisiúnta orthu, ceannródaithe eolaíochta nó siamsóirí cáiliúla ba ea na Daoine Tábhachtacha sin. Ar an 15 Samhain 2018, thug Ard-Mhúsaem na hÉireann cuireadh do thrí ghrúpa de mhic léinn mheánscoile chun páirt a ghlacadh i gceardlann na Seachtaine Eolaíochta maidir leis an saol in Éirinn i rith na tréimhse meánaoisí luaithe. Tháinig na mic léinn sin, atá ar tí roghanna a dhéanamh a mbeidh tionchar acu ar a ngairmeacha amach anseo, as Clochar na Trócaire i gContae Ros Comáin, agus as Scoil Chuimsitheach na Páirce Nua, An Charraig Dhubh, agus Scoil Chuimsitheach na Tríonóide, Baile Munna, dhá scoil atá suite i mBaile Átha Cliath.
Eagraíodh an cheardlann, Cnámha agus daoine—an saol in Éirinn sa tréimhse mheánaoiseach luath, i gcomhpháirt le Bonneagar Iompair Éireann agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (QUB), agus díríodh ar oibiachtaí a fuarthas ag ráth a bhí ligthe i ndearmad le fada an lá i mbaile fearainn Raghnallach i gContae Ros Comáin. Idir samhradh 2015 agus fómhar 2016, thochail foireann de bhreis is 20 seandálaí an láithreán, agus aimsíodh fianaise ar fheirmeoireacht, búistéireacht ainmhithe agus miotalóireacht fhíneálta sa tréimhse mheánaoiseach luath, mar aon le breis is 1,000 cnámharlach, a measadh a bhain le teaghlach sínte lucht cónaithe an rátha.

Ó rinneadh an tochailt, tá anailís déanta ar na cnámharlaigh sin ag foireann seandálaithe cnámh ó Ollscoil na Banríona trí úsáid a bhaint as modhanna traidisiúnta, mar aon le teicnící eolaíochta nua-aimseartha, chun eolas a bhailiú faoi ghnáthaimh laethúla, cruatan agus pléisiúir shimplí na ndaoine sin. Mar chuid den cheardlann Seachtaine Eolaíochta speisialta seo, bhí deis ag mic léinn a bheith ag foghlaim faoin láithreán agus faoin tréimhse mheánaoiseach luath in Éirinn ó sheandálaithe agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí praiticiúla—le cabhair ó fhoireann QUB— chun eolas a bhailiú faoin méid is féidir le fianaise seandálaíochta agus oisté-eolaíochta insint dúinn faoi dhaoine a mhair san am atá caite. Trí bheith ag obair le macasamhlacha de chnámharlaigh dhaonna, agus trí thagairt a dhéanamh do na taisí a tochlaíodh ag láithreán Raghnallach, d’fhoghlaim mic léinn conas taisí cnámharlaigh a úsáid chun faisnéis dhiagnóiseach a aimsiú cosúil le seasamh, aois bháis, cúis bháis, agus inscne.

Bhain na mic léinn—bitheolaithe, seandálaithe, cógaiseoirí nó oisté-eolaithe na todhchaí b’fhéidir— úsáid as an ábhar láithreach. Is ar éigean go raibh na seisiúin trí uair an chloig sin sách fada chun ceisteanna tóraíochta a chur agus chun machnamh a dhéanamh ar na freagraí sular fhill siad ar limistéar poiblí an Mhúsaeim. Sílim féin go raibh an cineál imeachta comhpháirtíochta seo— meascán de ghnéithe praiticiúla na tochailte seandálaíochta, gnéithe teoiriciúla an fhiosrúcháin seandálaíochta, agus gnéithe eolaíochta na hanailíse—oiriúnach d’Ard-Mhúsaem na hÉireann.
(Postáilte, 18 Nollaig 2018)