Cúram Leochaileach Adhlactha i Síothal ón gCré-umhaois Luath a Thochailt
Le Seandálaí Sinsearach TII, James Eogan
Is rud réasúnta neamhghnách é adhlacadh i síothal réamhstairiúil a fháil nuair a bhíonn tochailtí á ndéanamh ar scéimeanna bóithre beartaithe. Soláthraíonn an tochailt agus an taifeadadh cúramach deis chun scrúdú a dhéanamh ar dheasghnátha adhlactha ár sinsear agus díriú ar imscrúdú a dhéanamh ar imeacht sainithe amháin: adhlacadh baill den phobal. Nuair is féidir, iompraítear síothla atá dea-chaomhnaithe. Is próiseas é seo a d’fhágfadh do chroí i do bhéal a thógann go leor uaireanta an chloig chun a chinntiú go bhfuil an soitheach potaireachta leochaileach agus an t-ábhar atá ann á thochailt ar an mbealach is cúramaí agus is féidir.
Ag tús 2014, i mbaile fearainn an Chairéil i gContae Loch Garman, aimsíodh reilig bheag ón gCréumhaois Luath, thart ar 3,750 bliain d’aois, nuair a bhí seandálaithe ó TVAS (Éire) Tta ag obair thar ceann Chomhairle Contae Loch Garman agus TII. Aimsíodh an láithreán nuair a bhí tochailtí tástála á ndéanamh i dtalamh feirme a bhí beartaithe a úsáid chun stráice nua den N11 - an Bóthar idir Baile Átha Cliath agus Loch Garman a fhorbairt.
Bhí an láithreán suite ar limistéar comhréidh a bhí os cionn srutháin agus seans gur riasc a bhí ann sa Chré-umhaois Luath. San áireamh sa reilig bhí braisle de chlaiseanna a bhí líonta le hithir ina raibh gualach. Bhí an Dr Denise Keating, a bhfuil sainspéis aici i scrúdú a dhéanamh ar chnámha daonna ársa, in ann a dheimhniú go raibh cnámha daonna i measc cuid de na cnámha a fuarthas sna claiseanna. Shainaithin na seandálaithe roinnt poll cuaillí gar do chuid de na claiseanna, fianaise b’fhéidir go raibh suíomh na n-uaigheanna laistigh den reilig marcáilte ag cuaillí adhmaid ingearacha, ar an mbealach céanna a gcrochtar leaca uaighe chun uaigheanna a mharcáil i reilig nua-aimseartha.
I rith an mheasúnaithe seandálaíochta tosaigh, tugadh faoi deara go raibh dhá shíothal photaireachta leagtha bunoscionn in dhá chlais. I ndiaidh dul i gcomhairle le saineolaithe ábhartha, cuireadh plean i dtoll a chéile do thochailt agus d’iompar na soithí potaireachta leochaileacha agus ba í an Stiúrthóir Tochailte, Edel Ruttle, agus an fhoireann ó TVAS (Éire) Tta a bhí freagrach as an obair. Taispeántar i bhfíseán a rinne Keith Currams (féach thíos) tochailt agus ardú ceann de na síothla adhlactha. Ina dhiaidh sin, rinne an caomhnóir, Susannah Kelly, an dá shíothal agus an tábhar a bhí iontu a thochailt agus a chaomhnú sa tsaotharlann agus beidh siad faoi réir tuilleadh scrúdaithe speisialaithe i rith chéim iarthochailte an tionscadail seo. Tá an próiseas caomhnaithe mínithe i bhfíseán eile ag Keith Currams.
(Postáilte ar dtús ar an 4 Meán Fómhair 2014; nuashonraithe an 11 Feabhra 2016)
Síothal Adhlactha á Tochailt ar an M11 i gContae Loch Garman