The Medieval Stud Farm of Royal Mullamast: A Story to Read and Hear

Le Seandálaí TII, Noel Dunne

Colonising a royal landscape book cover

Imeacht deas ba ea é seo a reáchtáladh ag deireadh na bliana i mBéal Átha an Tuair, Co. Chill Dara, ar an 6 Nollaig 2018, tráth ar seoladh dhá leabhar seandálaíochta TII. Ba é—Colonising a Royal Landscape: the history and archaeology of a medieval village at Mullamast, County Kildarele Teresa Bolger—an chéad leabhar agus foilsíodh é i mí na Nollag 2017 agus tá eolas le fáil ann maidir le torthaí suntasacha na tochailte a rinneadh ag sráidbhailte ‘caillte’ Angla-Normannach sular cuireadh tús leis an obair thógála ar Mhótarbhealach an M9 - Cill Chuilinn go dtí Port Láirge. Is é sin an séú leabhar atá foilsithe mar chuid de shraith Oidhreachta TII. Is closleabhar é an dara leabhar—Mullamast: the story of a medieval village atá bunaithe ar an tochailt chéanna, atá ar fáil le híoslódáil ó mhí Lúnasa seo caite.

Ba é seoladh foirmiúil na leabhar an chéad imeacht a reáchtáladh ag The Tanyard, ionad pobail nua i mBéal Átha an Tuair, atá suite gar don láithreán tochailte agus do dhúnfort ríoga iontach Mhullach Maistean, agus laistigh den phobal ina bhfuil an sráidbhaile Angla-Normannach tábhachtach suite. Ba é Seandálaí TII, Noel Dunne, Fear an Tí don tráthnóna agus ba é Méara Chill Dara, Sean Power, a chuir tús leis na himeachtaí agus i measc na gcainteoirí eile bhí Teresa Bolger, Seirbhísí Oidhreachta Rubicon, Neil Jackman, Oidhreacht Abarta, agus an Comhairleoir Martin Miley. Ba é Guy St John Williams, údar bisiúil agus staraí rásaíochta capall, a sheol na leabhair go hoifigiúil. I measc an tslua mhóir a bhí i láthair bhí Mathew agus Patsyann Farrell, a bhfuil sráidbhaile Mhullach Maistean suite ar a gcuid talún; ionadaithe sinsearacha ó Chomhairle Contae Chill Dara; baill de Choiste Comhairleach Séadchomharthaí Stairiúla Chontae Chill Dara agus Cumann Seandálaíochta Chontae Chill Dara; agus cónaitheoirí ó Bhéal Átha an Tuair agus ón gceantar mórthimpeall.

 


Rinneadh an tochailt seandálaíochta a bhfuil cur síos déanta uirthi sa leabhar i rith an chuid is mó de 2007, sular tógadh an M9. Ní cúis ionaidh a bhí in aimsiú an tsráidbhaile, de bhrí go raibh sé doiciméadaithe i bhfoinsí stairiúla, ach ní raibh an suíomh beacht ar eolas. Bhí suíomh féideartha an tsráidbhaile sainaitheanta i suirbhéanna geoifisiceacha agus i dtochailtí tástála a rinneadh roimhe sin, sular cuireadh tús le príomhchéim na hoibre tochailte. Clúdaíodh 2.3 ha, a mheastar atá cothrom le 10% de limistéar foriomlán an tsráidbhaile, agus is ionann é agus an tochailt is mó a rinneadh ag sráidbhaile meánaoiseach tréigthe in Éirinn go dtí seo. Dá réir sin, tá thart ar 90% den sráidbhaile fós le fiosrú de bhrí go bhfuil sé faoin bhfód, ar an dá thaobh den mhótarbhealach. Ábhar do staidéar seandálaíochta amach anseo gan amhras.

Bunaíocht Angla-Normannach a bhí sa sráidbhaile, bunaithe seans ag Walter de Ridlesford, garmhac cleamhnais Rí Anraí I. Seans gur roghnaíodh an suíomh d’aon turas, de bhrí go bhfuil sé faoi scáth iomaire Mhullach Maistean, agus go bhfuil dúnfort ríoga Maistiú ag an mbarr. I measc na samplaí eile de shráidbhailte Angla-Normannacha atá bunaithe ag lonnaíochtaí suntasacha atá le fáil i gCill Dara faoi láthair tá Uachtar Aird, Seanchill Chuillinn agus Maoin. Tá gallán ó Mhullach Maistean le fáil in Ard-Mhúsaem na hÉireann anois agus tá maisiúchán fíneálta ón séú haois le feiceáil air. Tá eitrí agus snasú ar dhromchla na cloiche le feiceáil mar thoradh seans ar ghéarú agus ar sciomradh claimhte a tharla ag searmanais oirnithe agus ag imeachtaí searmanais eile ag an dúnfort ríoga. In 2013 roghnaigh Acadamh Ríoga na hÉireann an chloch mar cheann den 100 oibiacht a mhúnlaigh Éire.

 

I rith na tochailte osclaíodh traschrios tríd an sráidbhaile, agus nochtadh díoga teorann, bóithre agus faiche baile seans, roinnt plotaí tí agus linn—agus seans go mbíodh an linn in úsáid ag muintir an tsráidbhaile chun breith ar éisc. (Ní heol dúinn fós suíomhanna beachta séipéil agus caisleáin a doiciméadaíodh ag Mullach Maistean.) Bhí na díoga teorann feadh thaobh na mbóithre agus mórthimpeall ar phlotaí tí suntasach. Feadh na dtailte teorannaithe, sholáthair siad cainéil draenála riachtanacha freisin. Ní raibh an fhianaise ar struchtúir foirgnimh chomh soiléir céanna, de bhrí gur dócha gur tógadh na foirgnimh ar cheapa, seachas ar chosbhallaí agus ar thrinsí bonnsraithe. Tógadh eallaí, caoirigh agus muca agus maraíodh iad ar mhaithe lena bhfeoil a ithe, ach chomh maith leis sin is foinse bainne a bhí iontu, mar aon le huirlisí cnáimhe, lomraí olla agus seithí. Chomh maith leis sin, díoladh ainmhithe ag aontaí i lonnaíochtaí in aice láimhe. Fuarthas cnámha ainmhithe agus éan eile sna tochailtí, lena n-áirítear madraí, cait, fianna, cait chrainn, éanlaith, piasúin, préacháin, géanna, mallaird, cearca fraoigh agus ioraí rua. Chomh maith leis sin, léiríonn an fhianaise go raibh barra gráin, cosúil le coirce, eorna, cruithneacht agus seagal, á mbaint agus á bpróiseáil, gur gné an-tábhachtach de shaol agus de chothú an tsráidbhaile ba ea feirmeoireacht arúil. Buaileadh pingin airgid crois fhada de chuid Rí Éadbhard I a aimsíodh ag Mullach Maistean in Canterbury idir 1294 agus 1299. Oibiacht thar a bheith neamhghnách a aimsíodh ba ea bonn Rómhánach a bhain leis an gceathrú haois AD, le Constaintín Mór seans, a fuarthas i mbonnsraith foirgnimh, a leag oilithreach a bhí ag filleadh ansin seans ar mhaithe le hádh.

Excavation site

 

Ba í gné uathúil na lonnaíochta an céatadán an-ard de thaisí capaill a fuarthas sa bhailiúchán de chnámha ainmhithe agus go háirithe capaill níos lú a bhí chomh mór le capall maide. Capall beag, lúfar é an capall maide, a bhí luachmhar agus a bhí á phórú do chreach agus scabhtáil i rith tréimhsí cogaidh. Bhíodh siad in úsáid ag marcra éadrom speisialtóra ar a tugadh lainciseoirí. Bhí siad á bpórú, á n-oiliúint agus á n-easpórtáil as Éirinn le húsáid i bhfeachtais mhíleata thar lear; i bhfeachtas Éadbhard i gcoinne na nAlbanach mar shampla. Tá seans ann gurb é sráidbhailte Mhullach Maistean an chéad ghraífheirm dearbhaithe i stair fhada an phóraithe capaill i gContae Chill Dara, áit ar dhírigh muintir na háite ar chapaill a phórú ar mhaithe le cogaíocht.

Bhí an-rath ar Mhullach Maistean sa 13ú agus sa 14ú haois. Dála lonnaíochtaí cosúla eile, seans gur thosaigh an áit ag meath mar gheall ar fhachtóirí éagsúla, seachas imeacht tubaisteach amháin—fachtóirí cosúil le meath aeráide, geografaíocht, Ionradh an Bhrúsaigh in 1315, an Phlá Mhór, agus athbheochan phobal dúchasach na hÉireann. Agus cúis eile, suntasach b’fhéidir, le meath Mhullach Maistean ba ea lagú mhargadh na gcapall maide, mar gheall ar laghdú ar an tóir a bhí ar na lainciseoirí agus méadú ar an tóir a bhí ar fhir bhogha fada shuite.

 

Is féidirColonising a Royal Landscape: the history and archaeology of a medieval village at Mullamast, County Kildare a cheannach ar líne ó Wordwell Books agus tá cóip den leabhar ar fáil i siopaí leabhar freisin. Is féidir an closleabhar a íoslódáil saor in aisce ó shuíomh gréasáin Abarta Heritage nó is féidir rochtain a fháil ar shuíomh gréasáin TII.

 

Admhálacha

Is mian linn buíochas ó chroí a ghabháil le Susan Waters agus le Cuideachta Pobail an Teanúis Bhéal Átha an Tuair as an seoladh a éascú agus leis na daoine áitiúla ar fad a chabhraigh leis na hullmhúcháin. Is mian linn buíochas a ghabháil le Pauline Fagan, Leabharlannaí Chomhairle Contae Chill Dara, Béal Átha an Tuair, as an gcúnamh ar fad a thug sí dúinn freisin. Thug an túinéir talún Mathew Farrell, agus a theaghlach, go leor cúnaimh dúinn agus d’fháiltigh siad roimh an bhfoireann seandálaíochta fad is a bhí na tochailtí á ndéanamh.

(Postáilte, 21 Nollaig 2018)