Seandálaíocht TII in Ard-Mhúsaem na hÉireann
Le Seandálaí TII, Michael Stanley
Ar an 16 Meán Fómhair 2020, sheol Ard-Mhúsaem na hÉireann, Glendalough: Power, Prayer and Pilgrimage, taispeántas nua ina scrúdaítear ceann de na láithreáin mhainistreacha is tábhachtaí in Éirinn i gcaitheamh na n-aoiseanna agus ar taispeáint tá 26 déantán atá ar taispeáint den chéad uair. Ina measc tá oibiacht i gcruth croise déanta de chóimhiotal copair óraithe a aimsíodh in 2005 i rith tochailtí réamhthógála ag Easc, Co. Loch Garman, ar an Nascbhóthar an N11 - Arcló–Guaire.
Tá an oibiacht seo, a bhaineann leis an 8ú haois AD, ornáidithe leis an rud ar a dtugtar maisiúchán crosfhite slis-snoite. Ba in Éirinn a rinneadh an oibiacht agus, mar a thugann an dá fhortheilgean ag an gcúl le fios, bheadh sí gléasta ar earra níos mó ag an tús (e.g. scrín reiligiúnach nó úim chapaill) agus, dá réir sin, ‘gléas croise’ a thugtar ar a leithéid. Mar is léir ón scála 10 mm sa ghrianghraf thíos, tá an oibiacht réasúnta beag. Dá mbeadh an oibiacht i do lámh, ní chlúdódh sí ach thart ar aon cheathrú de do bhos

(Grianghraif le John Sunderland)
Aimsíodh an gléas croise i gclais ina raibh píosaí (do-aitheanta) de chnámh créamtha. Bhí an chlais seo i measc clais amháin as seacht gclais adhlactha créamtha tochailte ag lár imfhálaithe chiorclaigh (Struchtúr E ainmnithe), agus bhí bealach isteach soir ó thuaidh. Baineann an dáta radacarbóin atá luaite leis an imfhálú leis an tréimhse AD 810–1000, rud a chiallaíonn go mbaineann sé leis an tréimhse mheánaoiseach luath. Baineann ceann de na claiseanna créamtha leis an tréimhse AD 640–770. Dá réir sin, tá an t-adhlacadh a raibh an gléas croise leis i measc ceann de na créamthaí is mó a taifeadadh in Éirinn go dtí seo. I rith na tréimhse staire seo, ba é cur i dtalamh an gnáth-deasghnáth adhlactha, rud a chiallaíonn go bhfuil na hadhlacthaí créamtha seo neamhghnách. Ag céim luath den anailís iarthochailte, bhí Stiúrthóir na Tochailte, Paul Stevens, den tuairim go mb’fhéidir gurb éard a bhí san adhlacadh leis an ngléas croise Lochlannach págánach a bhí curtha le creacha Éireannacha, ach tháinig sé chun solais i ndiaidh tuilleadh staidéar a dhéanamh gur dócha gurb ionann an t-adhlacadh agus uaigh duine Éireannach dúchasach a adhlacadh i rith na tréimhse athraithe idir an Chríostaíocht/an phágántacht, ag reilig shinsearach ar a tugadh fert. Ba ionann an reilig seo agus ceann de roinnt séadchomharthaí adhlactha, réamhstairiúla den chuid is mó a tógadh ag Easc i gcaitheamh na mblianta agus tá castacht iomlán an láithreáin mínithe in dhá pháipéar atá scríofa ag Paul Stevens (féach ar an ábhar léitheoireachta breise).

(Plean de Struchtúr E le Valerie J Keeley Ltd)
Ainneoin gur aimsíodh na mílte déantán i rith tochailtí réamhthógála a bhain le tionscadail TII, ní chuirtear mórán ar taispeáint san Ard-Mhúsaem. Beidh an gléas croise ó Easc ar taispeáint go sealadach as seo go ceann dhá bhliain. Má thugann tú cuairt ar an Músaem chun súil a chaitheamh air, bí cinnte go gcaitheann tú súil freisin ar na gaistí éisc caoladóireachta Méisiliteacha atá 7,000 bliain d’aois agus ar an mionbhád adhmaid ó Bhaile Uí Chlúmháin, Co. na Mí, a tochlaíodh ar mhótarbhealach an M3 agus atá ar taispeáint go buan. Tagraíodh do na gaistí éisc iontacha sin i leabhar Fintan O’Toole dar teideal A History of Ireland in 100 Objects agus bhí siad le feiceáil i Naoú Sraith Stampaí Deifnídeacha An Post. Ninth Definitive Stamp Series.
Ábhar léitheoireachta breise
Stevens, P 2007 'Burial and ritual in late prehistory in north Wexford: excavation of a ring-ditch cemetery in Ask townland', in J O'Sullivan & M Stanley (eagarthóirí), New Routes to the Past, 35– 46. Sraith Mhongraif Uimh. 4 Seandálaíochta agus an Údaráis um Bóithre Náisiúnta An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, Baile Átha Cliath.
Stevens, P 2012 'Burial and ritual in early medieval north Wexford: new evidence from Ask townland', in B Kelly, N Roycroft & M Stanley (eds), Encounters between Peoples, 49–60. Sraith Mhongraif Uimh. 9 Seandálaíochta agus an Údaráis um Bóithre Náisiúnta An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, Baile Átha Cliath.
Tá an tuarascáil tochailte theicniúil maidir leis an láithreán ag Easc ar fáil i mBailiúcháin Oidhreachta Digití TII..
(Postáilte, 25 Meán Fómhair 2020)
uilleadh maidir leis an Taispeántas, Gleann Dá Loch: Cumhacht, Paidir agus Oilithreacht