Caomhnú síothla réamhstairiúla ón M11 i gContae Loch Garman

Le Seandálaí TII, Sébastien Joubert

Ar an 25 Eanáir 2014, tugadh deis don phobal i gcoitinne foghlaim faoi na hoibiachtaí seandálaíochta a fuarthas le déanaí feadh an N22 - Seachród Thrá Lí a osclaíodh le déanaí i rith seimineáir saor in aisce dar teideal, ‘Turas Mórthimpeall ar an Am a Caitheadh i dTrá Lí’, a d’eagraigh an ÚBN agus Comhairle Contae Chiarraí. Ghlac cainteoirí ó Sheirbhísí Oidhreachta Rubicon Tta agus ó Chomhairleoireacht Seandálaíochta na hÉireann Tta páirt san imeacht, a reáchtáil Músaem Contae Chiarraí i dTrá Lí.

I rith 2011, tochlaíodh 37 láithreán seandálaíochta a bhain leis an tréimhse idir an Tréimhse Mhéisiliteach Dhéanach/Neoiliteach Luath (thart ar 5000–4000 BC) agus an tréimhse iarmheánaoiseach (thart ar AD 1540–1700) feadh scéim bóthair a bhí 13.5-km ar fad. Thug na hoibiachtaí sin deis do sheandálaithe imscrúdú a dhéanamh agus fianaise a sholáthar maidir leis na daoine a mhair i dTrá Lí san am atá caite. Mar thoradh ar a gcuid oibre bailíodh faisnéis nua maidir le beagnach 6,000 bliain a caitheadh sa chuid seo den ‘Ríocht’.

Map of Tralee By Pass

Thug Patricia Long, Bainisteoir Oibríochtaí le Seirbhísí Oidhreachta Rubicon Tta, forléargas ar na torthaí ar fad a aimsíodh feadh bhealach an tseachróid. Rinne James Hession, Seandálaí Sinsearach leis an gcomhairleoireacht chéanna, cur síos níos mionsonraithe ar roinnt oibiachtaí a aimsíodh i mBaile an Óraigh Thiar, ag an taobh thoir thuaidh den bhaile. Ina measc bhí áiteanna cócaireachta amuigh faoin aer a bhíodh in úsáid i rith na Cré-umhaoise (thart ar 2400–600 BC) ar a tugadh fulachtaí fia, adhlacthaí créamtha réamhstairiúla cosúil le síothal adhlactha ón gCréumhaois Luath ag Baile an Óraigh Thiar 3 agus imfhálú luath-mheánaoiseach ina raibh dhá dhíog ag Baile an Óraigh Thiar 2.

Aimsíodh díog fháinneach Iarannaoise ag Baile an Óraigh Thiar 4 le trastomhas de 4.3 m agus bealach isteach cabhsa ag an taobh thoir. Leagadh roinnt adhlacthaí créamtha san ithir laistigh den díog agus taobh istigh den díog fháinneach. Chomh maith leis sin, aimsíodh claiseanna créamtha laistigh de phurláin an tséadchomhartha. Is éard a bhí sna hadlacthaí taisí 10 nduine ar a laghad agus bhain siad leis an tréimhse idir lár an cheathrú haois agus lár an chéad aois BC.

Rings found in iron age ditch

Aimsíodh roinnt coirníní gloine gorma ó cheann de na hadhlacthaí créamtha ag Baile an Óraigh Thiar 4. Seans go raibh na coirníní, a raibh trastomhas 2 mm ar an meán iontu, ceangailte le chéile mar mhuince nó seans go raibh siad fuaite ar éadaí. Bhí fianaise ar dhó le feiceáil ar thrí choirnín agus seans go raibh siad sin ar chorpán a bhí ar bhreocharn créamtha.

TBhí trastomhas de 45 m ar an meán ag an imfhálú luath-mheánaoiseach ina raibh dhá dhíog ag Baile an Óraigh Thiar 2. Ní raibh aon rud ar eolas faoin láithreán sular cuireadh tús leis an tionscadal agus is iarsmaí de ráth atá ann a bhí áitithe ag teaghlach feirmeoireachta thart ar 1,200 bliain ó shin. Tá breis is 2,000 ráth taifeadta i gContae Chiarraí ag Suirbhé Seandálaíochta na hÉireann agus is sampla é Baile an Óraigh Thiar 2 de líon beag ráthanna i gCiarraí a bhfuil tochailt eolaíochta déanta orthu.

Archaeological dig

Rinne Shane Delaney ó Chomhairleoireacht Seandálaíochta na hÉireann Tta cur síos ar na tochailtí a rinneadh ar an má thuaidh ar An Laoi ag An Mainéar Thoir, áit ar tochlaíodh roinnt iarsmaí a bhí faoi uisce in aice le pointí trasnaithe i rith na hIarannaoise déanaí/na tréimhse mheánaoiseach luath. Chuir Colm Moloney, Stiúrthóir Bainistíochta Sheirbhísí Oidhreachta Rubicon Tta, críoch leis na láithreoireachtaí trí chur síos a dhéanamh ar chuid de na hoibiachtaí a aimsíodh i mBaile an Ghabhann agus ag An Mainéar Thoir, ar an dá thaobh den bhóthar idir Trá Lí–Cill Airne, agus tharraing sé aird ar shuntas na fianaise maidir le hascailll shearmanach réamhstairiúil a sainaithníodh ann.

I rith na coda deiridh den seimineár díríodh ar chur síos a dhéanamh ar dhéantáin a aimsíodh i rith na dtochailtí agus, a bhuíochas le comhoibriú Ard-Mhúsaem na hÉireann, cuireadh go leor acu ar taispeáint sa Mhúsaem Contae i rith an lae. Bhí deis ag daoine nach raibh ar a gcumas freastal ar na cainteanna teacht chuig an Músaem chun féachaint ar na hoibiachtaí agus foghlaim faoin suntas a bhaineann leo ó na daoine a bhí páirteach sna tochailtí agus ó fhoireann an mhúsaeim. I measc na ndéantán a bhí ar taispeáint bhí cinn tua chloiche agus uirlisí cloiche eile, coirníní gloine agus roinnt cineálacha potaireachta réamhstairiúla. Ina measc bhí dhá chineál potaireachta nach raibh sainaitheanta i gContae Chiarraí roimhe sin: babhlaí cruinneogacha Neoiliteacha 5,000-bliain d’aois agus iarsmaí de shíothal screamhach 4,000-bliain d’aois.

Neolithic polished stone axe head

Ceann de na hoibiachtaí ba shine a cuireadh ar taispeáint ba ea ceann tua cloiche snasta Neoiliteach a aimsíodh laistigh de pholl cuaille ag An Mainéar Thoir 1. Bhí an ceann tua aolchloiche sin 85 mm ar fad agus bheadh sé in úsáid i gcos adhmaid ar dtús. Bheadh tuanna mar sin úsáidte ag na feirmeoirí ba thúisce a lonnaigh sa cheantar seo beagnach 6,000 bliain ó shin chun coillearnach a ghlanadh agus chun críche siúinéireachta.

D’éirigh thar cionn le ‘Turas Mórthimpeall ar an Am a Caitheadh i dTrá Lí’ agus d’fhreastail neart daoine ar an imeacht. I rith an tseimineáir roinneadh eolas maidir leis na hoibiachtaí seandálaíochta a aimsíodh le déanaí leis an bpobal, agus feabhsaíodh an meas a bhí acu ar an oidhreacht seandálaíochta i gceantar Thrá Lí agus tarraingíodh aird ar na bearta atá á ndéanamh ag TII (ÚBN) roimhe seo chun an oidhreacht sin a chosaint sula gcuirtear tús le tógáil bóithre. Céim eile ba ea an seimineár seo chun na hoibiachtaí nua sin a chomhtháthú leis na scéalta atá ar eolas againn cheana féin faoi sheandálaíocht Chontae Chiarraí. Cúis áthais do TII a bheith in ann oibriú i gcomhpháirt le Músaem Contae Chiarraí agus tá TII ag súil le leanúint ar aghaidh leis an gcaidreamh táirgiúil seo.

Articles from Rubicon Heritage

Tá monagraf TII á ullmhú ar a dtaispeántar torthaí iomlána na dtochailtí atá á ndéanamh ar Sheachród Thrá Lí, ach tá roinnt alt ina ndéantar achoimre ar na torthaí foilsithe cheana féin in Iris Chumann Seandálaíochta agus Staire Chiarraí (Sraith 2, Iml. 12, 2012) agus san iris Seanda (Issue 6 and (Eagrán 6 agus Eagrán 8).). Chomh maith leis sin, foilsíodh cuntais ar oibiachtaí seandálaíochta a aimsíodh mar thoradh ar dhá scéim bóthair eile i gCiarraí—an N69 idir An Ré agus An Tulaigh agus an N86 idir Abhainn an Scáil agus Gort Bréagóg—in Iris Chumann Seandálaíochta agus Staire Chiarraí le déanaí.

(Postáilte ar dtús ar an 15 Aibreán 2014; nuashonraithe ar an 10 Feabhra 2016)