Tram 94, Where are You?
Leis an Dr Frank Prendergast, Comhalta Taighde Emeritus, DIT Sráid Bolton
Beidh Luas Traschathrach—an síneadh is déanaí le líonra iarnróid éadroim Bhaile Átha Cliath— oscailte do phaisinéirí ar an Satharn, an 9 Nollaig 2017. Beidh 10 milliún paisinéir breise á iompar aige i rith na bliana ó Fhaiche Stiabhna go dtí Droichead Broome, An Chabrach, in imeacht 21 nóiméad trí 13 stad. Léirítear na staitisticí achomair seo atá curtha ar fáil ag TII bunaithe ar chomhthéacs agus ábharthacht dhrámata mar gheall ar dhá steiréa-ghrianghraf ghléasta dátstampaithe a aimsíodh le déanaí ina dtaispeántar tram atá ag taisteal i dtreo lár na cathrach sa bhliain 1903. Tá an ceamara ag féachaint síos ó fhuinneog thuas staighre i bhfoirgneamh ar chúinne Ché Uiséir agus Sráid an Droichid Íochtarach. Tugann ábhar agus stair na n-íomhánna sin atá ar ardchaighdeán léargas spéisiúil ar chóras iompair phoiblí Bhaile Átha Cliath breis is céad bliain ó shin.

Steiréachárta Uimh. 33 forbartha ag Underwood & Underwood Publishers ar a dtaispeántar Tram 94 de chuid Dublin United Tramways Company ag taisteal i dtreo lár na cathrach ar an mbealach idir Droichead an Rí agus Sráid Fhearchair in 1903 (Íomhá: Frank Prendergast).
Steiréachárta Uimh. 33 ó theaghlach an údair ar a léirítear aistear an tram feadh an taobh ó dheas de An Life. Tá an tram a thaispeántar ag taisteal ó stáisiún iarnróid Dhroichead an Rí (Stáisiún Heuston anois) chomh fada le Sráid Fhearchair ar an mbealach isteach chuig lár na cathrach feadh Ché na gCeannaithe idir Droichead Whitworth (Droichead an Athar Maitiú anois) agus Droichead Richmond (Droichead Uí Dhonnabháin Rosa anois). Tá na stadanna feadh an bhealaigh marcáilte ag cuaillí a bhfuil na codanna uachtaracha díobh péinteáilte bán.
Trí phróiseáil íomháithe dhigitigh na n-íomhánna bunaidh, léirítear sna híomhánna méadaithe sonraí nach bhfuil an tsúil nocht in ann a fheiceáil. San íomhá ghar-amhairc thíos, mar shampla, léirítear na stadanna bealaigh (Droichead an Rí, Rae an Iarthair agus Sráid Fhearchair) ar an gcuid íochtair den tram gar do leibhéal an ráille. Is é 94 uimhir an tram agus tá sé suite faoin gceannlampa cúil. Bhí Tram 94 in úsáid ó thús 1903. Bhí 25 suíochán thíos staighre (‘taobh istigh’) agus 29 suíochán thuas staighre (‘taobh amuigh’). Ba í cuideachta Browne ó Shráid Brunswick, cuideachta déanta cóistí aitheanta, a rinne cabhail an tram ach rinneadh an fearas rite in áit éigin eile.
Seans gur glacadh na grianghraif go luath in 1903, ar a dhéanaí, go háirithe i bhfianaise an phlaicird atá le feiceáil ar an deic uachtair ar a bhfuil Droichead an Rí scríofa. Athraíodh an modh chun ainmneacha na stadanna a thaispeáint go dtí taispeáintí dallóg rolláin thart ar an mbliain 1903. Nascann an tralaí agus an rópa tralaí le sreang lasnairde a sholáthraíonn an soláthar cumhachta oibriúcháin. Tá an dá thramlíne chomhthreomhara a ritheann soir–siar ar an dá thaobh den abhainn pábháilte le seiteanna ar ardchaighdeán le rianaire de 5 throigh 23⁄16 orlach (1,580 mm).

Sonraí garamhairc de Thram 94 agus de na tramlínte (Íomhá: Frank Prendergast).
Léirítear i scrúdú a rinneadh ar mhionsonraí méadaithe, go bhfuil treoraí tram ag barr an staighre agus go bhfuil éide á caitheamh aige, lena n-áirítear bóna agus carbhat, éide nach mbíodh á caitheamh ag daoine ach i ndiaidh leictriú na dtrambhealaí. Chomh maith leis sin, tá an gnáthshuaitheantas ceadúnais alúmanaim á chaitheamh aige freisin. Tá fianaise ar fhaisean an ama le feiceáil freisin agus tugann sé sin le fios, mar aon le chomh folamh is atá na sráideanna, go mb’fhéidir gur tógadh an grianghraf ar Dhomhnach. Tá an bhean atá suite thuas staighre ag caitheamh gúna ar a bhfuil bóna bán le ruifilí. Tá hataí galánta á gcaitheamh ag na fir ar fad. Thíos, agus chun tosaigh, tá bean dhea-ghléasta eile suite ag féachaint amach ar an abhainn.
Tá téacs spéisiúil le fáil ar chúl na ngrianghraf atá suite ar chárta, téacs ina ndéantar cur síos ar an suíomh ag tús na 1900idí. Dírítear an méid is mó airde ar na Ceithre Cúirteanna, a bhí breis is 100 bliain d’aois faoin tráth sin, mar gheall ar mhaorgacht agus ar chostas tógála an fhoirgnimh.

Nótaí tuairisciúla ar chúl steiréachárta Uimh. 33 (Íomhá: Frank Prendergast).
Is féidir suíomh Thram 94 a fheiceáil go héasca ar an mbealach ar an léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis (SO) 25 orlach, atá cosúil le léarscáil chomhaimseartha den chathair. Cruthaíonn sé sin teorainn mórthimpeall ar na tramrianta isteach agus amach ar dhá thaobh chontrártha na habhann. Díol spéise is ea go bhfuil clocha críche (C.C.) Toghbharda agus tagarmharcanna (T.M.) SO mórthimpeall ar na céanna. Ar na tagarmharcanna sonraítear airde a línte cothrománacha greanta os cionn an tagra ísealuisce a bhunaigh an SO ag An Poll Beag, Baile Átha Cliath 8 Aibreán 1837. Tá seans ann go bhfuil na tagarmharcanna sin fós le feiceáil.
Tá go leor íomhánna stairiúla de thramanna agus de thrambhealaí Bhaile Átha Cliath fós le fáil i gcartlanna agus i mbailiúcháin éagsúla. Is é an rud atá uathúil faoi ábhar an dá steiréa-ghrianghraf sin suíomh an radhairc, uimhir aitheantais an tram, ardchaighdeán na n-íomhánna fótagrafacha agus, go háirithe, an cumas féachaint orthu mar íomhá thríthoiseach (3T). D’fhéadfaí é sin a dhéanamh mar thoradh ar nuálaíocht theicneolaíoch a bhain leis an 19ú haois, ar a tugadh amharcóir steiréascópach, agus is é Amharcóir Steiréascópach Holmes an sampla sonrach atá á phlé anseo.

Amharcóir Steiréascópach Holmes agus steiréachárta Uimh. 33 (Íomhá: Frank Prendergast).
Ba é Oliver Holmes, a bhí lonnaithe sna Stáit Aontaithe, a dhear an t-amharcóir steiréascópach atá á thaispeáint anseo ar dtús, agus is éard a bhí ann péire lionsaí phriosmacha socraithe in amharcóir. Coimeádtar an cárta steiréafhótagrafach i sleamhnán ar féidir leis an úsáideoir é a bhogadh chun a chinntiú gur féidir na híomhánna a fheiceáil. Glacadh gach grianghraf le dhá lionsa a bhí cúpla ceintiméadar óna chéile. Nuair a bhreathnaítear ar an íomhá, nascann an inchinn an dá radharc dhéthoiseacha agus cruthaítear seachmall 3T. D’fhorbair agus dhíol Underwood & Underwood Publishers agus déantóirí eile na mílte cártaí den chineál sin ar a dtaispeántar radhairc as ar fud an domhain. An t-am sin, bhí na cártaí sin i mbarr a réime sula raibh rath ar fhóta-iriseoireacht.
Anois ó tharla go bhfuil ceiliúradh á dhéanamh sa phríomhchathair ar shíneadh a bheith curtha lena córas iompair phoiblí is rathúla go dtí seo, is féidir linn machnamh a dhéanamh ar an tslí ar fhorbair ár gcóras trambhealaí agus a bheith bródúil as an obair a rinneadh agus as ár noidhreacht iompair phoiblí. Tá saothar griaghrafadóra neamhainmnithe amháin foilsithe anseo, saothar a nascann an tréimhse atá caite leis an am i láthair, díreach mar a dhéanann an Luas Traschathrach, trí nasc a chruthú idir an dá thaobh de Chathair Bhaile Átha Cliath i ré nua iompair ar thramanna.
Admhálachas
Tá mé fíorbhuíoch de Michael Stanley, Emer Dennehy, Mary Deevy, Rónán Swan, Garrett Linnane agus James Walsh ó TII a chabhraigh chun an alt seo a scríobh. Tá buíochas tuillte freisin ag Clifton Flewitt ó Chumann Taifead Iarnróid na hÉireann as neart sonraí maidir le stair thramanna Bhaile Átha Cliath a chur ar fáil dom.
(Postáilte, 06 Nollaig 2017)