VERKKO

Céard is VERKKO ann?

Líonra Eorpach le haghaidh bainistiú tráchta digiteach níos sábháilte agus níos glaise, lasta idirmhódúil, agus feabhsuithe soghluaisteachta trasteorann ar chonairí TEN-T.

Is tionscnamh comhoibríoch Eorpach é VERKKO lena dtugtar le chéile 40 comhpháirtí ó 12 thír chun líonra comhoiriúnaithe de Chórais Iompair Chliste (CCI) agus Córais Iompair Chliste Chomhoibritheacha (CIC-C) a chruthú ar mhórchonairí TEN-T. Tagann an cuibhreannas le chéile chun líonra Eorpach a chur ar fáil le haghaidh bainistiú digiteachtráchta níos sábháilte, níos glaise agus feabhsaithe, lasta idirmhódúil, agus soghluaisteacht trasteorann ar chonairí TEN-T

Is é is cuspóir don tionscadal sineirgí trasteorann a neartú agus bearnaí i leanúnachas CIC-C a dhúnadh, go háirithe i dtuaisceart na hEorpa. Cumasóidh VERKKO rochtain dhigiteach ar shonraí criticiúla bóthair, taistil agus tráchta agus soláthróidh sé seirbhísí a bhaineann le sábháilteacht d’úsáideoirí deiridh, ag tógáil ar NAPCORE agus ag ailíniú le sonraíochtaí Threoir nua ón AE (2023/2661) agus C-Roads

Tionscadail 

BIÉ CIC-C 

Tá seirbhísí um Chórais Iompair Chliste Chomhoibritheacha (CIC-C) á reáchtáil ar bhonn píolótach ag Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) le sábháilteacht ar bhóithre, éifeachtúlacht tráchta agus buntáistí comhshaoil a fheabhsú. Cumhdaíonn an tionscadal píolótach gréasán cuimsitheach bóithre TEN-T agus déanann meastóireacht ar sheirbhísí ó fheithicil go feithicil (V2V) agus ó fheithicil go bonneagar (V2I), amhail Fógraí maidir le Suíomh Guaise, Rabhaidh maidir le hOibreacha Bóthair & Comharthaíocht Infheithicle. Úsáideann sé cur chuige cumarsáide hibrideach ag baint úsáid as WiFi (ITS-G5) agus líonraí caighdeánacha ceallacha. Tá an tionscadal cómhaoinithe ag Saoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF) de chuid an Aontais Eorpaigh le buiséad de €10.2M. 

Tiománaí sa Bhealach Mícheart (TBM)

Téann an dara tionscadal i ngleic le féidearthacht chontúirteach na tiomána sa bhealach mícheart. Ach córais aimsithe agus fíoraithe cheannródaíocha a shuiteáil, úsáidfidh BIÉ braiteoirí, nó teicneolaíochtaí eile amhail TCI ag suas le 30 suíomh criticiúil, lena n-áirítear acomhail mhótarbhealaigh agus sliosbhóithre. Ní hamháin go ndéanfaidh na córais seo tiománaithe sa bhealach mícheart a aithint agus a fhíorú ach cuirfidh siad feabhas freisin ar na córais bainistithe ama turais agus bailithe sonraí tráchta reatha atá ag BIÉ, rud a chuirfidh leibhéal breise faisnéise leis agus a uasmhéadóidh an úsáid a bhaintear as bonneagar bóithre na hÉireann. Cuirfidh an cur chuige réamhghníomhach seo feabhas suntasach ar shábháilteacht ar bhóithre agus laghdóidh sé an baol go mbeadh timpistí tromchúiseacha.

 

Meáigh-faoi-Shiúl (WIM)

Is é atá i gceist leis an tasc seo ná braiteoirí Meáigh-faoi-Shiúl (WIM) a chur i bhfeidhm ag deich suíomh straitéiseacha ar ghréasán bóithre náisiúnta na hÉireann. Faoi bhainistíocht Bhonneagar Iompair Éireann, soláthróidh an tionscadal seo sonraí ardchaighdeáin maidir le meáchain feithiclí a oibríonn ar an ngréasán bóithre náisiúnta, rud a chumasóidh cinntí níos eolaí maidir le cothabháil agus oibríochtaí bóithre. Ach na sonraí seo a chomhroinnt go hinmheánach agus leis na húdaráis ábhartha, cuideoidh an tionscnamh freisin le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le ró-ualú feithiclí, a chuirfidh feabhas ar shábháilteacht agus ar inbhuanaitheacht ar fud an ghréasáin.

Maoiniú

 
Project
Estimated Project Cost (Source: Grant Agreement)
Eligable Funding
CITS €3.400.000,00 €1.700.000,00
Wrong Way Driver
€669.000,00
€334.500,00
Weight in Motion
€2.500.000,00
€1.250.000,00