Gairmeacha Taighde

Tá Gairm Taighde CEDR 2025 oscailte ón 10 Nollaig 2025 agus 725,000 EUR ar fáil don chlár taighde seo a leanas: Bainistiú agus Athchóiriú Tollán.

Feidhmíonn Clár Taighde Trasnáisiúnta (TRP) CEDR trí shraith gairmeacha trasnáisiúnta bliantúla ar ábhair a thugann aghaidh ar riachtanais údaráis bóithre na hEorpa. Is é an aidhm torthaí taighde a tháirgeadh is féidir le baill CEDR a chur i bhfeidhm agus cur le gréasán bóithre sábháilte, inbhuanaithe agus éifeachtúil ar fud na hEorpa.  Tá sé maoinithe ag baill CEDR ar bhonn deonach. Tá rannpháirtíocht oscailte d'aon eintiteas dlíthiúil, cé nach mór d'eintiteas dlíthiúil ó thír Eorpach a bheith i gceannas ar gach cuibhreannas.

 

Ábhar na Gairme

Beidh clár taighde amháin i nGairm 2025:

1. Bainistiú agus Athchóiriú Tollán

Ullmhaíodh an clár seo trí chomhairliúchán fairsing a dhéanamh i measc bhaill CEDR maidir lena riachtanais taighde faoin ábhar seo.

 

Bainistiú agus Athchóiriú Tollán

Is é aidhm na gairme seo ná torthaí a spreagadh ar féidir iad a chur i bhfeidhm go forleathan d'fhonn bainistiú inbhuanaithe, sábháilteacht, agus iontaofacht oibríochtúil tollán ar fud na hEorpa a fheabhsú, agus go mbeidh tionchar ag na torthaí sin ar dhearadh na dtollán amach anseo. Ba cheart go mbeadh torthaí fiúntacha ar na gníomhartha beartaithe, laistigh de thréimhse dhá bhliana, agus go soláthródh siad luach inbhraite d'údaráis tollán de gach cineál.

Díríonn an ghairm seo ar dhá ábhar idirnasctha a bhaineann le dúshláin thábhachtacha atá roimh a lán oibreoirí tollán inniu

Cianfhaireachán Staide do Bhainistíocht Sócmhainní Tollán, agus
Oiliúint agus Ionsamhlú d’Oibríochtaí Tollán.

 

Bainistíocht Cláir

Tá Gairm 2025 á seoladh agus á bainistiú ag oifig CEDR.

Ba cheart gach ceist faoi sheoladh Ghairm 2025 a chur chuig Bainisteoir an Chláir: Naida Muirhead, CEDR, naida.muirhead@cedr.eu

 

Faisnéis Oifigiúil

Foilsítear fógra réamhfhaisnéise faoin nGairm ar Thograí san Fhorlíonadh a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus foilsítear an fhaisnéis iomlán ar Ghairm 2025, lena n-áirítear na Tuairiscí ar Riachtanais Taighde, ar thairseach Tairiscintí CEDR: https://tenders.cedr.eu

Is é an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ná an 27 Feabhra 2026 ag 12:00 ALE.