Siadaí Cnáimhe Géiniteacha i nDún na nGall Meánaoiseach
Le Iseult Jackson ó Institiúid Ghéinitice Smurfit, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Bhí an saol crua i gCo. Dhún na nGall 1,000 bliain ó shin. I reilig eaglaise mheánaoiseach ag Baile Sheanaidh i mBéal Átha Seanaidh, a tochlaíodh in 2003 sular tógadh seachród an N15 - an bóthar idir Bun Dobhráin–Béal Átha Seanaidh, ba léir ó anailís a rinneadh ar na cnámharlaigh go raibh rátaí arda struis agus drochshláinte luaite leo. I measc an daonra mheánaoisigh Ghaelaigh sin bhí feirmeoirí tionóntacha, saothraithe, ceannaithe, saoir, an chléir agus daoine a bhí an-bhocht.
I gcás beirt daoine a cuireadh sa reilig seo (cnámharlach Sk197 agus Sk331), bhí an saol thar a bheith dúshlánach. Bhí oistéacondrómatóis iolrach—galar géiniteach—ag an mbeirt fhear sin ba chúis le siadaí éagsúla ina gcnámha, mar a léirítear sna samplaí atá le feiceáil sna grianghraif thíos. Is galar neamhchoitianta atá ann, a d’fhéadfadh a bheith an-phianmhar, agus a bheith mar bhonn le míchuma géige, airde laghdaithe, comhbhrú néaróige agus, i thart ar 5% de chásanna, urchóideacht.

Bhí tréimhse thart ar aois idir an t-am ar mhair na fir sin agus bhí raon siomptóm difriúil acu. Mhair an duine ba thúisce (Sk197) thart ar AD 689–975 agus bhí foirm réasúnta éadrom den ghalar aige. Cailleadh é nuair a bhí sé thart ar 30–40 bliain d’aois agus bhí sé thart ar an airde chéanna leis an daonra Gaelach ag an am sin. Ní raibh a rítheacha an fad céanna agus bhí ‘glúine creathacha’ aige mar gheall ar a shiadaí. I gcodarsnacht leis sin, bhí siomptóim i bhfad níos déine ag an duine is déanaí (Sk331). Ní fear ard a bhí ann agus bhí míchuma shuntasach aige ina ghéag chlé mar gheall ar ghiorrú an ulna (ceann de chnámha na rí) agus bhí siadaí ar a chnámharlach rud ba chúis le míchumaí eile ina chromáin, glúine agus rúitín clé. Fuair sé bás nuair a bhí sé ina fhear óg, ainneoin nach raibh aon fhianaise aige maidir leis an ailse ina shiadaí.
Inniu, ainneoin go mbíonn daoine ag a bhfuil oistéacondrómatóis iolrach ag fulaingt le siomptóim phianmhara, is féidir iad a chóireáil, le máinliacht, más gá.
Dul chun cinn suntasach sa leigheas nua-aimseartha é an cumas géanóm othair a sheicheamhú chun cúis chruinn atá le riocht géiniteach a aimsiú. Níl cuardach cuimsitheach den chineál sin déanta ar dhaoine aonair ársa fós, áfach.
San áireamh san anailís a rinneadh ar na cnámharlaigh sin, mar chuid de Thionscadal Taighde Bhaile Sheanaidh, bhí seicheamhú DNA roinnt daoine a bhí curtha anseo. Foilsíodh an taighde seo le déanaí in Iris Eorpach Ghéinitic an Duine agus is féidir rochtain a fháil air anseo.

Rinneadh anailís ar sheichimh ghéanóim ón dá chnámharlach agus aimsíodh sócháin i ngéin ar a dtugtar EXT1, ar léir go bhfuil baint aici leis an ngalar seo in othair sa lá inniu ann. Bhí na sócháin a aimsíodh sa ghéin seo difriúil sa bheirt daoine: tá an sóchán is túisce sainaitheanta i roinnt othar sa lá inniu ann, ach níor aimsíodh an sóchán eile i sonraí seicheamhaithe roimhe seo
TIs é seo an chéad uair a aimsíodh sóchán galair nua i sonraí géanómaíocha ársa.
Ní thugtar an galar faoi deara ach in 1/50,000 duine agus nuair a aimsítear an galar i gcomharsanacht nua-aimseartha, tugtar faoi deara go bhfuil na daoine gaolta lena chéile. Cúis ionaidh is ea gur tugadh an riocht neamhchoitianta céanna faoi deara faoi dhó sa pharóiste meánaoiseach céanna ach gur eascair sé as dhá shóchán dhifriúla.
B’fhéidir go mbeadh spéis ag léitheoirí in dhá leabhar faoi Thionscadal Taighde Bhaile Sheanaidh: The Science of a Lost Medieval Gaelic Graveyard (foilsithe ag TII in 2015), ina dtugtar le chéile na snáitheanna taighde éagsúla chun forléargas cuimsitheach a thabhairt ar an reilig agus ar shaol na ndaoine atá curtha ansin, agus Life and Death in Medieval Gaelic Ireland d (foilsithe ag Four Courts in 2018), ina dtugtar léargas ar an anailís mhionsonraithe oisté-eolaíoch agus phailéiphaiteolaíoch. Is féidir rochtain a fháil ar ailt agus ar pháipéir bhreise a bhaineann leis an tionscadal anseoChomh maith leis sin,Ballyhanna: stories from the grave audiobook.
(Postáilte, 13 Eanáir 2023)